Na Sailm 68

68
Salm 68.
Exsurgat Deus.
1Éiríodh Dia, agus scaiptear a naimhde: agus teitheadh a lucht fuatha roimhe.
2Mar théann an toit as an amharc, is amhlaidh a bheidh siad á ruaigeadh agat: mar leánn an chéir roimh an tine, go mbʼamhlaidh scriosfar lucht an oilc le láithreacht Dé.
3Ach bíodh áthas ar na fíréin agus lúcháir orthu roimh Dia: go mba mheidhreach soilbhir iad.
4Canaigí do Dhia, agus seinnigí moladh a Ainm: móraigí an té a bhíos ag marcaíocht ar na neamha; molaigí é ina Ainm Ián, agus bíodh áthas oraibh roimhe.
5Is é athair na ndílleachtaí é, agus is é a phléas cúis na mbaintreach: mar tá, Dia ina áitreabh naofa.
6Is é an Dia é a thugann ar an lucht aontís bheith ar aon intinn le chéile, agus a scaoileas na braighdeanaigh as broid: ach ligeann sé don lucht tréasa leanúint dá nganntanas.
7A Dhia, nuair a chuaigh tú amach roimh an bpobal: nuair a chuaigh tú tríd an bhfásach,
8Bhí an talamh ag crith, agus na neamha ag sileadh anuas le láithreacht Dé: agus bhí Sínaí féin ag bogadh i láithreacht Dé, is Dia do Iosrael.
9Bhí frasa fiala fearthainne, a Dhia, á bhfearadh leat ar dʼoidhreacht: lena dtug tú sólás di ina tuirse.
10Ba ann a bhíodh do chomhthionól ina gcónaí: ó thug do mhaitheas ort, a Dhia, lón a dhéanamh do na bochta.
11Fuarthas an focal ón Tiarna: ní raibh áireamh ar an mbantracht a bhí ag fógairt scéala.
12Cuirtear ruaig agus maidhm ar ríthe agus ar a sluaite: agus roinntear an chreach idir lucht an teaghlaigh.
13An bhfanfaidh sibh idir na banracha: mar cholm a mbíonn a sciatháin airgeadaithe á chumhdach, agus a mbíonn a chleití mar ór?
14Nuair a scaip an tUilechumhachtach na ríthe ar a son: bhíodar ag titim chomh tiubh leis an sneachta i Salmón.
15Is breá an cnoc Cnoc Bhásáin: is ea, tá Cnoc Bhásáin ina ardchnoc.
16Cad chuige a mbíonn sibh ag fonóid, a chnoca arda? Is cnoc Dé é an cnoc seo, a thaitnigh leis mar áitreabh: is ea, agus is ann a fhanfas an Tiarna go brách.
17Tá fiche míle ann de charbaid Dé, tá, agus na mílte míle acu: agus tá an Tiarna ina measc, mar bhíonn in ionad naofa Sínaí.
18Chuaigh tú suas in airde, ghabh tú do ghialla chun giallaíochta, agus ghlac tú aiscí ó dhaoine: ghlac tú aiscí ó do naimhde féin, mar i ndúil is go gcónódh an Tiarna Dia eatarthu.
19Bíodh an Tiarna á mholadh gach lá: an Dia céanna a bhíos ag cuidiú linne, agus a dhoirteas a mhaithea sa orainn.
20Is é ár nDia é, an Dia a dtagann an slánú uaidh: is é Dia is Tiarna ann, agus is leis a thagaimid slán ó bhás.
21Fágfaidh Dia créacht i gceann a naimhde: agus i moing gruaige an té bhíos ag síorchleachtadh urchóide.
22Is é a dúirt an Tiarna, tabharfaidh mé ar ais ó Bhásán iad: tabharfaidh mé ar ais iad ó dhoimhneacht na farraige;
23Ionas go dtumtar do chos i bhfuil do naimhde: agus go raibh teangacha do mhadraí á ndeargadh léi.
24Is maith mar a fheictear do shiúlta, a Dhia: mar shiúlann mo Dhia agus mo Rí sa sanctóir.
25Siúlann na cantairí i dtosach an tslua, agus leanann an lucht seanma ina ndiaidh: bíonn na hógha ag tiompánacht ina lár.
26Tugaigí buíochas, a Iosrael, do Dhia an Tiarna ar bhur gcomhthionóla: ó íochtar an chroí.
27Siúd Beniamín beag mar rialtóir orthu, agus flatha lúda mar lucht comhairle acu: prionsaí Sabúloin agus flatha Nephtálí.
28Is é do Dhia a chuir an chumhacht ionat: neartaigh, a Dhia, lenar oibrigh tú ionainn,
29As ucht do theampaill in Iarúsalem: is amhlaidh a bheidh na ríthe ag iompar tabhartas chugat.
30Tabhair achasán do fhaobhar an namhad, dá gcruinníonn de cheannurraí agus de shluaite daoine, go dtaga siad go humhal chugat le bonnaí airgid: scaip na ciníocha arbh é an cogadh a n‑aoibhneas.
31Sin an uair a thiocfaidh na flatha as an Éigipt: is gairid go raibh Tír na Múrach ag síneadh a lámh chun Dé.
32Canaigí do Dhia, a ríochta an talaimh: seinnigí moladh an Tiarna;
33An té atá ina shuí ó thús ar neamh os cionn gach ní: féach mar a ligeann sé a ghlór, agus is mórchumhachtach an glór é.
34Bíodh sé á lua agaibh leis an Tiarna go bhfuil cumhacht aige ar Iosrael: is sna néalta atá sé in uachtar céime agus cumhachta.
35Is iontach Tú, a Dhia, id ionaid naofa: is amhlaidh bhíos Dia Iosrael; is é a thabharfaidh an cumhacht agus an cumas dá phobal; go mbeannaítear Dia.

موجودہ انتخاب:

Na Sailm 68: OC1965

سرخی

شئیر

کاپی

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion آپ کے تجربے کو ذاتی بنانے کے لیے کوکیز کا استعمال کرتا ہے۔ ہماری ویب سائٹ کا استعمال کرتے ہوئے، آپ ہماری کوکیز کے استعمال کو قبول کرتے ہیں جیسا کہ ہماری رازداری کی پالیسیمیں بیان کیا گیا ہے۔