Na Sailm 60
60
Salm 60.
Deus, repulisti nos.
1A Dhia, chaith tú uait sinn, agus scaip tú ó chéile sinn: agus bhí míshásamh ort; go n‑iompaí tú orainn arís.
2Chroith tú an tír agus rinne tú codanna di: leigheasaigh a cneácha, ós corrach atá sí.
3Is trom ar thaispeáin tú do do phobal: thug tú deoch dfhíon dúinn a raibh nimh mharfach ann.
4Thug tú comhartha don dream darb eagal tú: go mbí bua acu de réir na fírinne.
5Is dá bhrí sin a fuasclaíodh dʼaos muintire: cuidigh liom le do láimh dheas, agus éist liom.
6Labhair Dia ina naofacht, beidh lúcháir orm, agus roinnfidh mé Secem: agus tomhasfaidh mé Gleann Succót.
7Is liom Giléad, agus is liom Manasses: is é Ephráim cumhacht mo chinn; is é lúda mo shlat rí.
8Is é Móab mo scála níocháin; is ar Édóm a chaithfeas mé mo bhróg uaim: bíodh lúcháir ort romham, a Philistia.
9Cé a sheolfaidh mé isteach sa chathair dhaingean: cé thabharfaidh isteach in Édóm mé?
10An é nár dhíbir tú sinn, a Dhia: nach dtoileoidh tú, a Dhia, dul amach lenár sluaite?
11Bí mar chabhair againn inár mbuaireamh: ós díomhaoin cabhair ón duine.
12Is trí Dhia a dhéanfaimid na mór‑éachta: óir is é a chuirfeas ár naimhde faoina chosa.
موجودہ انتخاب:
Na Sailm 60: OC1965
سرخی
شئیر
کاپی
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965