Na Sailm 50

50
Salm 50.
Deus deorum.
1Labhair an Tiarna, Labhair Dia na gcumhacht: agus ghlaoigh sé ar an domhan, ó éirí go dul faoi na gréine.
2Nocht Dia amach as Síón: is é an áilleacht féin é.
3Tiocfaidh ár nDia, agus ní fhanfaidh sé ina thost: rachaidh tine chraos‑slogthach roimhe, tógfar mórdhoineann ghaoithe ina thimpeall
4Glaofaidh sé anuas ar neamh: agus ar talamh, go dtuga sé breithiúnas ar a mhuintir.
5Cruinnígí le chéile chugam mo naoimh: an dream a rinne conradh liom le híobairt.
6Agus foilseoidh na ncamha a fhíréantacht: óir is é Dia féin is breitheamh.
7Éisteadh mo mhuintir liom, agus labhróidh mé: tabharfaidh mé féin fianaise id éadan, a Iosrael; ós mé Dia, do Dhia féin.
8Ní bhfaighidh mé locht ort de bharr dʼíobartha: más ag trácht ar íobartha loiscthe é, bíd de shíor os mo choinne.
9Ní Ghlacfaidh mé bullán as do theach: ná pocán gabhair as do bhanracha.
10Óir is liom beithígh uile na coille: agus is liom an t‑eallach ar mhíle cnoc.
11Tá aithne agam ar éanlaith uile na sléibhte: tá beithígh allta an mhachaire ar mʼamharc.
12Má bhíonn ocras orm, ní duit a inseod é: ós liom an chruinne, aʼs a bhfuil inti.
13An measann tú go n‑íosfaidh mise feoil tarbh: agus go n‑ólfadsa fuil gabhar?
14Go mba é an buíochas dʼofráil do Dhia: comhall do mhóideanna don Té is Airde.
15Agus glaoigh orm in am an bhuartha: is amhlaidh beidh mise do dʼéisteacht, agus beidh tú do mo mholadh.
16Ach is é deir Dia le fear an oilc: cad chuige a mbíonn tú ag seanmóiriú mo dhlíthe, agus cad chuige a nglacann tú mo chonradh i do bhéal;
17Cé gur fuath leat do chur ar bhealach do leasa: agus go dtug tú droim do láimhe do mo bhriathra?
18Nuair a chonaic tú gadaí, chuaigh tú i gcomhar leis: agus bhí tú páirteach le lucht an adhaltranais.
19Ligteá do do bhéal an t‑olc a rá: agus chuireadh do theanga na bréaga in iúl.
20Bhíteá i do shuí, agus labhartá in aghaidh do dhearthár: sea, agus dhéantá ithiomrá ar mhac do mháthar.
21Rinne tú amhlaidh, agus dʼfhan mise i mo thost, agus thug an urchóid ort a smaoineamh, nach bhfuil ionamsa ach do leithéid eile: ach tabharfaidh mise achasán duit, agus nochtfaidh mé duit a bhfuil déanta agat.
22Dearcaigí air seo, a lucht dearmadta Dé: ar eagla go gcuirfinn den saol sibh, agus gan an té ann a fhuasclódh sibh.
23An té a thugann buíochas agus moladh dom, is é a dhéanann mʼonórú: agus an té a chaitheas a shaol mar is ceart, taispeánfaidh mé slánú Dé dó.

موجودہ انتخاب:

Na Sailm 50: OC1965

سرخی

شئیر

کاپی

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion آپ کے تجربے کو ذاتی بنانے کے لیے کوکیز کا استعمال کرتا ہے۔ ہماری ویب سائٹ کا استعمال کرتے ہوئے، آپ ہماری کوکیز کے استعمال کو قبول کرتے ہیں جیسا کہ ہماری رازداری کی پالیسیمیں بیان کیا گیا ہے۔