Na Sailm 44

44
Salm 44.
Deus, auribus.
1Is iad ár gcluasa féin a chuala é, a Dhia, dʼinis ár n‑aithreacha dúinn é: cad é a rinne tú lena linn fadó;
2Conas a chaith tú amach na págánaigh le do láimh, agus a chuir tú iadsan isteach: conas a chuir tú ár ar na náisiúin, agus a chuir tú bláth orthu san.
3Óir níorbh é a gclaíomh féin a bhain amach seilbh na tíre: ná níorbh í a lámh féin a chuidigh leo;
4Ach ba í do lámh dheas, agus do ghéag, agus solas do ghnúise: de bhrí go raibh gean agat orthu.
5Is tú mo Rí, a Dhia: cuir cabhair chuig Iácób.
6Is tríotsa a chuirfimid ár naimhde ar lár: agus is id Ainm a chuirfimid faoinár gcosa an dream a éireos inár n‑éadan.
7Óir ní has mo bhogha atá mo mhuinín: ní hé mo chlaíomh a chuideos liom.
8Ach is tú a shlánaíos sinn ónár naimhde: agus a chuireas aiféala ar lucht ár bhfuatha.
9Beimid ag maíomh as Dia dá mbʼfhada an lá: agus molfaimid dʼAinm go deo.
10Ach anois fanann tú i bhfad uainn, agus cuireann tú aiféala orainn: agus ní théann tú amach lenár sluaite.
11Tugann tú orainn ár gcúl a thiontú lenár naimhde: go mbíonn lucht ár bhfuatha ár gcreachadh.
12Ligeann tú dúinn bheith dʼár n‑ithe mar chaoirigh: agus táimid scaipthe agat i measc na bpágánach.
13Díolann tú do mhuintir in aisce: agus ní iarrann tú aon airgead orthu.
14Déanann tú achasán dínn dár gcomharsana: cúis gháire agus fonóide dá bhfuil inár dtimpeall.
15Déanann tú seanfhocal dínn i measc na bpágánach: go gcraitheann na daoine a gcinn orainn.
16Bíonn an aiféala os mo choinne gach lá: agus mʼaghaidh ar fad dearg leis an náire;
17Ar son glóir lucht an scannail agus an mhasla: de bharr an namhad agus an duine dhíoltasaigh.
18Agus tar éis ar tháinig orainn, ní dhéanaimid dearmad ort: ná ní bhímid claon inár n‑iompar i do chonradh.
19Ní dheachaigh ár gcroí ar gcúl: ná níor fhág ár gcois céim do shlí.
20Ní hamhlaidh, siúd is gur bhuail tú romhat go hionad na ndragún sinn: agus gur chumhdaigh tú sinn le scáil an bháis.
21Má rinneamar dearmad de Ainm ár nDé, nó má thógamar ár lámha do Dhia choimhthíoch: nach bhfaighidh Dia a fhios? Ós feasach dó na smaointe is uaigní sa chroí.
22Is ar do shon a dhéantar ár orainn ar feadh an lae: agus a mheastar sinn mar chaoirigh atá le dul chun an bhroithí.
23Éirigh suas, a Thiarna, cad é an codladh sin ort: dúisigh, agus ná fan uainn de shíor.
24Cad chuige a gceileann tú do ghnúis: agus ar dhearmad leat ár mbrón agus ár mbuaireamh?
25Óir is íseal a tugadh ár n‑anam, chun luí sna luaithe féin: agus bíonn ár mbolg sínte ar an talamh.
26Éirigh, agus fóir orainn: agus fuascail sinn as ucht do thrócaire.

موجودہ انتخاب:

Na Sailm 44: OC1965

سرخی

شئیر

کاپی

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion آپ کے تجربے کو ذاتی بنانے کے لیے کوکیز کا استعمال کرتا ہے۔ ہماری ویب سائٹ کا استعمال کرتے ہوئے، آپ ہماری کوکیز کے استعمال کو قبول کرتے ہیں جیسا کہ ہماری رازداری کی پالیسیمیں بیان کیا گیا ہے۔