YouVersion Logo
تلاش

Na Sailm 145

145
Salm 145.
Exaltabo te, Deus.
1Móróidh mé thú, a Dhia, a Rí: agus seinnfidh mé moladh dʼAinm go saol na saol.
2Níl lá nach dtabharfaidh mé buíochas leat: agus seinnfidh mé moladh dʼAinm go saol na saol.
3Is mór an Tiarna, agus is iontach mar is fiú moladh é: níl críoch lena mhórgacht.
4Beidh gach glúin ag moladh dʼoibreacha dá chéile: agus ag nochtadh do chumhachta.
5Agus beidh mise ag cur síos ar do chlú: ar do ghlóir, agus ar do mholadh, agus ar dʼoibreacha iontacha.
6Go raibh na daoine ag labhairt ar chumhacht do ghníomhartha iontacha: agus tráchtfaidh mise fós ar do mhórgacht.
7Taispeánfar cuimhneachán do charthanachta líonmhaire: agus beidh na daoine fós ag canadh faoi dʼfhíréantacht.
8Is maith agus is trócaireach an Tiarna: is fadfhoighneach é agus is mór a mhaitheas.
9Bíonn an Tiarna grámhar le gach duine: agus bíonn a thrócaire os cionn a oibreacha uile.
10Bíonn dʼoibreacha uile do do mholadh, a Thiarna: agus bíonn do naoimh ag tabhairt buíochais duit.
11Taispeánann siad glóir do ríochta: agus cuireann siad síos ar do chumhacht;
12Ionas go mbeidh a fhios ag an saol: faoi do chumhacht, agus faoi do ghlóir, agus faoi mhórgacht do ríochta.
13Is ríocht shíoraí do ríochtsa: agus maireann do thiarnas go saol na saol.
14Tógann an Tiarna an dream a thiteas: agus ardaíonn sé an drong atá ina luí go híseal.
15Níl súil nach bhfuil ag feitheamh ort, a Thiarna: agus is tráthúil a thugann tú a mbia dóibh.
16Osclaíonn tú do lámh: agus níl ní dá maireann nach líontar dedʼfhairsinge.
17Is fíréanta é an Tiarna ina shlite uile: agus is naofa é ina oibreacha go léir.
18Is fogas an Tiarna don dream a ghlaos air: an mhéid acu a ghlaos air go dlisteanach.
19Sásóidh sé mian na droinge a mbíonn a eagla orthu: tabharfaidh sé cluas dá nglaoch, agus tabharfaidh sé cuidiú dóibh.
20Cumhdaíonn an Tiarna an dream a ghráíos é: ach scaipeann sé an drong lochtach uaidh.
21Beidh mo bhéal ag seinm molta an Tiarna: agus tugadh gach feoil buíochas dá Ainm naofa go saol na saol.

موجودہ انتخاب:

Na Sailm 145: OC1965

سرخی

شئیر

کاپی

None

کیا آپ جاہتے ہیں کہ آپ کی سرکیاں آپ کی devices پر محفوظ ہوں؟ Sign up or sign in

YouVersion آپ کے تجربے کو ذاتی بنانے کے لیے کوکیز کا استعمال کرتا ہے۔ ہماری ویب سائٹ کا استعمال کرتے ہوئے، آپ ہماری کوکیز کے استعمال کو قبول کرتے ہیں جیسا کہ ہماری رازداری کی پالیسیمیں بیان کیا گیا ہے۔