Na Sailm 136

136
Salm 136.
Confitemini.
1Tugaigí buíochas leis an Tiarna, óir is maith é: agus maireann a thrócaire go síoraí.
2Tugaigí buíochas le Dia na ndéithe: óir maireann a thrócaire go síoraí.
3Altaígí do Thiarna na dtiarnaí: óir maireann a thrócaire go síoraí.
4Nach mbíonn ach é ag déanamh na móriontas: óir maireann a thrócaire go síoraí.
5A rinne na neamha le feabhas a eagna: óir maireann a thrócaire go síoraí.
6A leathnaigh an talamh os cionn na n‑uiscí: óir maireann a thrócaire go síoraí.
7A rinne na soilse móra: óir maireann a thrócaire go síoraí.
8An ghrian le bheith ina rí ar an lá: óir maireann a thrócaire go síoraí.
9An ghealach agus na réalta le bheith i gceannas na hoíche: óir maireann a thrócaire go síoraí.
10A bhuail an Éigipt faoina gcéadghin: óir maireann a thrócaire go síoraí.
11Agus a thug clann Iosrael ó bheith ina measc: óir maireann a thrócaire go síoraí.
12Le láimh chumhachtach, agus le géag shínte: óir maireann a thrócaire go síoraí.
13A rinne dhá leath den Mhuir Rua: óir maireann a thrócaire go síoraí.
14Agus a thug ar Iosrael siúl trína lár: óir maireann a thrócaire go síoraí.
15Ach dála Pháraó agus a shluaite, thug sé anuas iad sa Mhuir Rua: óir maireann a thrócaire go síoraí.
16A sheol a phobal tríd an bhfásach: óir maireann a thrócaire go síoraí.
17A bhuail na ríthe móra: óir maireann a thrócaire go síoraí;
18Agus a mharaigh go deimhin na ríthe cumhachtacha: óir maireann a thrócaire go síoraí;
19Síhon rí na nAmoríteach: óir maireann a thrócaire go síoraí;
20Agus Og rí Bhásáin: óir maireann a thrócaire go síoraí;
21Agus a thug a dtalamh mar oidhreacht: óir maireann a thrócaire go síoraí;
22Mar oidhreacht dʼIosrael, a sheirbhíseach: óir maireann a thrócaire go síoraí.
23A chuimhnigh orainn inár mbuaireamh: óir maireann a thrócaire go síoraí;
24Agus a dʼfhuascail sinn ónár naimhde: óir maireann a thrócaire go síoraí.
25A thugann bia do gach feoil: óir maireann a thrócaire go síoraí.
26Tugaigí buíochas le Dia neimhe: óir maireann a thrócaire go síoraí.
27Tugaigí buíochas le Tiarna na dtiarnaí: óir maireann a thrócaire go síoraí.

موجودہ انتخاب:

Na Sailm 136: OC1965

سرخی

شئیر

کاپی

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion آپ کے تجربے کو ذاتی بنانے کے لیے کوکیز کا استعمال کرتا ہے۔ ہماری ویب سائٹ کا استعمال کرتے ہوئے، آپ ہماری کوکیز کے استعمال کو قبول کرتے ہیں جیسا کہ ہماری رازداری کی پالیسیمیں بیان کیا گیا ہے۔