Na Sailm 135

135
Salm 135.
Laudate nomen.
1Bígí ag moladh an Tiarna, agus ag idirmhóradh Ainm an Tiarna: seinnigí a mholadh, a sheirbhíseacha an Tiarna.
2A sheasann i dteach an Tiarna: i gcúirteanna tí ár nDé.
3Molaigí an Tiarna, óir is maith an Tiarna: seinnigí moladh dá Ainm, óir is gnaíúil é.
4Cad chuige? De bhrí gur thogh an Tiarna Iácób dó féin: agus Iosrael mar sheilbh dhílis aige féin.
5Óir is feasach dom gur mór an Tiarna: agus go mbíonn ár nDia os cionn na ndéithe uile.
6Níl ní dar thaitin leis an Tiarna nach ndearna sé ar neamh agus ar talamh: agus ar mhuir agus i gcuasa domhaine an domhain.
7Tugann sé amach na néalta ó imill an domhain: agus cuireann sé uaidh na caoranna tine in éineacht leis an bhfearthainn, agus tugann sé na gaotha as a thithe taiscithe.
8Bhuail sé céadghin na hÉigipte: idir dhuine agus bheithíoch.
9Chuir sé comharthaí agus iontais isteach i do cheartlár, a thír na hÉigipte: ar Pháraó agus ar a sheirbhísigh go huile.
10Bhuail sé an iomad náisiún: agus mharaigh sé na ríthe móra;
11Síhon rí na nAmoríteach, agus Og, rí Bhásáin: agus ríochta Chanáin go huile;
12Agus thug sé a dtalamh mar oidhreacht; mar oidhreacht dá phobal Iosrael.
13Maireann dʼAinm, a Thiarna, de shíor: agus is mar an gcéanna do do chuimhne, a Thiarna, ó ghlúin go chéile.
14Óir bainfidh an Tiarna amach díoltas ar son a phobail: agus beidh sé maith dá sheirbhísigh.
15Dála íomhánna na bpágánach, níl iontu ach airgead is ór: saothar lámh na ndaoine.
16Bíonn béal orthu, agus ní labhraíonn siad: bíonn súile ina gcinn, ach ní fheiceann siad.
17Bíonn cluasa orthu, agus ina dhiaidh sin ní chluineann siad: ní mó a bhíos aon anáil ina mbéal.
18Bíonn lucht a ndéanta mar iad: agus is ionann an cás dá gcuireann a muinín iontu.
19Molaigí an Tiarna, a theaghlaigh Iosrael: molaigí an Tiarna, a theaghlaigh Áróin.
20Molaigí an Tiarna, a theaghlaigh Lébhí: a dhream darb eagal an Tiarna, molaigí an Tiarna.
21Moltar an Tiarna as Síón: a mbíonn cónaí air in Iarúsalem.

موجودہ انتخاب:

Na Sailm 135: OC1965

سرخی

شئیر

کاپی

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion آپ کے تجربے کو ذاتی بنانے کے لیے کوکیز کا استعمال کرتا ہے۔ ہماری ویب سائٹ کا استعمال کرتے ہوئے، آپ ہماری کوکیز کے استعمال کو قبول کرتے ہیں جیسا کہ ہماری رازداری کی پالیسیمیں بیان کیا گیا ہے۔