Na Sailm 123
123
Salm 123.
Ad te levavi oculos meos.
1Is chugat ardaím mo shúile: chugatsa atá i do chónaí sna neamha.
2Féach, mar bhíos súile na seirbhíseach ar láimh a máistir, agus súile an chailín ar láimh a máistreása: is amhlaidh bíonn ár súile ag feitheamh lenár dTiarna Dia, go dtí go ndéana sé trócaire orainn.
3Déan trócaire orainn, a Thiarna, déan trócaire orainn: ó táimid faoi dhímheas ar fad.
4Tá a sháith ag ár n‑anam de achasán tharcaisniúil lucht an tsaibhris: agus de dhímheas drong an díomais.
موجودہ انتخاب:
Na Sailm 123: OC1965
سرخی
شئیر
کاپی
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965