Na Sailm 122
122
Salm 122.
Laetatus sum.
1Bhí lúcháir orm nuair a dúradh liom: Rachaimid go teach an Tiarna.
2Is i do gheataí a bheidh ár gcosa ina seasamh: a Iarúsalem.
3Is ar Iarúsalem atá déanamh na cathrach: ina mbítear ag cur le chéile.
4Óir is chuici a théann na treibheanna, mar tá, treibheanna an Tiarna: go dtuga siad fianaise dʼIosrael, go dtuga siad buíochas dʼAinm an Tiarna.
5Óir is inti a bhíos cathaoir an bhreithiúnais: is é sin, ríchathaoir theaghlaigh Dháibhí.
6Déan guí ar son síochána Iarúsalem: beidh an séan ar an dream a thug grá duit.
7Go raibh an tsíocháin faoi do mhúrtha: agus an fhlúirse faoi do dhúinte.
8Ar son mo bhráithre agus mo chompánach: beidh mé ag guí an tséin duit.
9As ucht tí an Tiarna ár nDia: beidh mé ag iarraidh do leasa.
موجودہ انتخاب:
Na Sailm 122: OC1965
سرخی
شئیر
کاپی
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965