YouVersion Logo
تلاش

Na Sailm 109

109
Salm 109.
Deus laudem.
1Ná fan i do thost, a Dhia atá molta agam: óir hosclaíodh im aghaidh béal lucht an oilc, hosclaíodh im aghaidh béal na mbréagairí.
2Agus labhraíodar im aghaidh le teangacha bréagacha: thimpeallaigh siad mé le briathra fuatha, agus throideadar gan chúis im aghaidh.
3Ar son an ghrá a thug mé dóibh, féach mar théann siad im éadan: ach téimse i muinín na hurnaí.
4Is amhlaidh a thug siad an t‑olc in aghaidh na maitheasa: agus an fuath in aghaidh mo dhea‑rúin.
5Cuir tusa fear oilc ina rialtóir os a chionn: agus seasadh eascara ar a láimh dheas.
6Nuair a thugtar breith air, daortar é: agus tiontaítear a urnaí ina peaca.
7Go mba tearc iad a laethanta: agus glacadh fear eile a oifig.
8Bíodh a chlann ina ndílleachtaí: agus a bhanchéile ina baintreach.
9Bíodh a chlann ina lucht siúil, ag iarraidh a n‑aráin: á iarraidh as áiteanna uaigneacha.
10Caitheadh fear na bhfiach a mbíonn aige: agus creachadh an coimhthíoch ar shaothraigh sé.
11Ná raibh duine ann a ghlacfadh trua dó: nó a dhéanfadh cineál ar a leanaí gan athair.
12Scriostar a shliocht: agus báitear a shloinne sa ghlúin a thiocfas.
13Cuimhnítear in amharc an Tiarna ar urchóid a aithreacha: agus ná scriostar amach peaca a mháthar.
14Bídís i gcónaí os coinne an Tiarna: go scriosa sé a gcuimhne de dhroim an talaimh.
15Bíodh sin amhlaidh, de bhrí nár rún leis an mhaith a dhéanamh: ach ag cur géarleanúna ar an duine bocht cloíte, go maraíodh sé an té a bhí faoi bhuaireamh chroí.
16Bhí a dhúil sna mallachtaí, agus is iad a thiocfas air: ní raibh grá aige do na beannachtaí, agus dá bharr sin is fada uaidh a bheidh siad.
17Chuir sé air na mallachtaí mar éadach: agus tiocfaidh siad mar uisce isteach ina inní, agus mar ola isteach ina chroí.
18Bídís aige mar an mbrat a bhíos air: agus mar an gcrios a bhíos thar a chom de shíor.
19Go mbʼamhlaidh a dhéanfaidh an Tiarna le mo naimhde: agus le lucht mhílabhartha mʼanama.
20Ach déan tusa liom, a Thiarna Dia, de réir dʼAinm: óir is milis do thrócaire.
21Ó fuascail mé, óir táim bocht ar díth chuidithe: agus tá mo chroí gortaithe i mo lár.
22Bím ag imeacht as seo mar imíos an scáil: agus do mo ruaigeadh as mar an dreolán teaspaigh.
23Bíonn mo ghlúna lag le troscadh: triomaíodh mʼfheoil le heaspa mhéathrais.
24Bhí mé mar achasán acu: bhí a bhfaca mé ag craitheadh a gcinn.
25Cuidigh liom, a Thiarna, a Dhia liom: slánaigh mé de réir do thrócaire;
26Go raibh a fhios acu, gurb é seo do lámh: agus gur tú, a Thiarna, a rinne é.
27Siúd is go mallachtaíonn siadsan, bí tusa ag beannú: agus cuirtear díomua ar a n‑éiríonn amach im aghaidh; agus bíodh lúcháir ar do sheirbhíseach.
28Bíodh náire ar mʼeascairde: agus bídís á bhfolach féin lena ndíomua féin mar le brat.
29Ach beidh mise ag tabhairt mórbhuíochais don Tiarna le mo bhéal: agus ag seinm a mholta i measc an tslua;
30Óir seasfaidh sé ar thaobh dheas an bhochtáin: lena anam a shlánú ar bhreithiúna éagóracha.

موجودہ انتخاب:

Na Sailm 109: OC1965

سرخی

شئیر

کاپی

None

کیا آپ جاہتے ہیں کہ آپ کی سرکیاں آپ کی devices پر محفوظ ہوں؟ Sign up or sign in

YouVersion آپ کے تجربے کو ذاتی بنانے کے لیے کوکیز کا استعمال کرتا ہے۔ ہماری ویب سائٹ کا استعمال کرتے ہوئے، آپ ہماری کوکیز کے استعمال کو قبول کرتے ہیں جیسا کہ ہماری رازداری کی پالیسیمیں بیان کیا گیا ہے۔