Na Sailm 108

108
Salm 108.
Paratum cor meum.
1A Dhia, tá mo chroí ullamh, tá mo chroí ullamh: beidh mé ag canadh agus ag seinm do mholta leis an mball is fearr de mo bhalla.
2Dúisigh, a liúit, agus a chláirseach: is moch maidine a dhúiseoidh mé féin.
3Tabharfaidh mé buíochas leat, a Thiarna, i measc na gciníocha: seinnfidh mé do mholadh i measc na náisiún.
4Óir is mó do thrócaire ná na neamha: agus sroicheann dʼfhírinne chun na néalta.
5Éirigh, a Dia, os cionn neimhe: agus bíodh do ghlóir os cionn an talaimh.
6Go bhfuascailtear do lucht cumainn: slánaíodh do lámh dheas iad, agus tabhair éisteacht dom.
7Labhair Dia ina naofacht: beidh mé ag déanamh gairdis, agus roinnfidh mé Secem, agus tomhasfaidh mé Gleann Succót.
8Is liom Gilead, agus is liom Manasses: is é Ephráím neart mo chinn; is é lúda mo shlat ríoga;
9Is é Móab mo scála níocháin; caithfidh mé mo bhróg uaim thar Édom: beidh an bua agam ar Philistia.
10Cé a threoróidh isteach sa chathair láidir mé: cé a dhéanfaidh eolas dom go hÉdom?
11Nach tú a thréig sinn, a Dhia: agus an é nach toil leat, a Dhia, dul amach lenár sluaite?
12Cuidigh linn in aghaidh an namhad: ós díomhaoin cuidiú ón duine.
13Is trí Dhia a dhéanfaimis mór‑éachta: agus is é a chuireas ár naimhde faoina chosa.

موجودہ انتخاب:

Na Sailm 108: OC1965

سرخی

شئیر

کاپی

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion آپ کے تجربے کو ذاتی بنانے کے لیے کوکیز کا استعمال کرتا ہے۔ ہماری ویب سائٹ کا استعمال کرتے ہوئے، آپ ہماری کوکیز کے استعمال کو قبول کرتے ہیں جیسا کہ ہماری رازداری کی پالیسیمیں بیان کیا گیا ہے۔