Na Sailm 102
102
Salm 102.
Domine, exaudi.
1Éist lem urnaí, a Thiarna: tagadh mo ghlaoch chugat.
2Ná ceil do ghnúis orm in am mo bhuartha: claon do chluas chugam nuair a ghlaoim; tabhair éisteacht dom gan mhoill.
3Óir bíonn mo laethanta ag imeacht mar thoit: agus dódh mo chnámha ina n‑aibhleog.
4Tá mo chroí caite síos agus críon mar fhéar: gur dhearmad liom mʼarán a ithe.
5Le glór mʼosna: is ar éigean a ghreamóidh mo chnámha do mʼfheoil.
6Táim mar pheileacán a bhíos san fhásach: agus mar ulchabhán ar uaigneas.
7Dʼfhan mé i mo dhúiseacht, go bhfuilim mar ghealbhan: ina shuí ina aonar ar mhullach an tí.
8Bíonn mo naimhde do mo cháineadh ar feadh an lae: agus an dream atá ar mire liom thug siad mionn le chéile im éadan.
9Óir dʼith mé luaithe mar arán: agus shnaith mé deora le mo dheoch.
10Agus tá sin amhlaidh de bharr do dhíbheirge agus dʼfhíocha: ó nár thóg tú chugat mé ach go gcaithfeá uait mé.
11Tá mo laethanta imithe mar scáil: agus bímse críon mar fhéar.
12Ach mairfidh tusa, a Thiarna, go deo: agus mairfidh do chuimhne ar feadh a dtiocfaidh de ghlúna.
13Éireoidh tú, agus beidh trócaire agat do Shíón: óir tá sé in am agat trócaire a bheith agat uirthi, is deimhin go dtáinig an t‑am chuige.
14Agus an fáth? De bhrí gur cuimhneach le do sheirbhísigh a clocha: agus gur trua leo a feiceáil ar lár.
15Beidh eagla dʼAinm ar na págánaigh, a Thiarna: agus eagla ar ríthe uile an talaimh roimh do mhórgachtsa;
16Nuair a atógfaidh an Tiarna Síón: agus a thaispeánfar a ghlóir;
17Nuair a chlaonfaidh sé chuig urnaí na mbocht dealbh: agus nach bocht leis a n‑iarratas.
18Cuirfear seo i scríbhinn le haghaidh a dtiocfaidh inár ndiaidh: agus beidh a dtiocfaidh ar an saol ag moladh an Tiarna.
19Óir dʼfhéach sé anuas as a shanctóir: dʼamharc an Tiarna ó neamh ar an talamh.
20Go n‑éistfeadh sé le gearán lucht na broide: agus go bhfuasclódh sé an dream dá bhfuil an bás i ndán;
21Go bhfoilsí siad Ainm an Tiarna i Síón: agus a chlú in Iarúsalem;
22Nuair a chruinneofar na ciníocha: agus na ríochta, ionas go ndéana siad seirbhís don Tiarna.
23Chloígh sé mo neart ar mʼaistear: agus ghiorraigh sé mo laethanta.
24Ach dúirt mé, A Dhia liom, ná fuadaigh mé i lár mo shaoil: agus a rá go maireann do bhlianta ar feadh na n‑uile ghlún.
25Is tú, a Thiarna, a chuir bun an domhain ar dtús: agus is saothar do lámh iad na neamha.
26Rachaidh siadsan ar neamhní, ach mairfidh tusa: éireoidh siad sean agus caite mar bhall éadaigh.
27Agus cuirfidh tú uait iad mar chuirfeá fallaing uait, agus tiocfaidh athrú orthu: ach bíonn tusa mar an gcéanna agus ní theipfidh ar do bhlianta.
28Fanfaidh clann do sheirbhíseach: agus daingneofar seasamh a síl id amharc.
موجودہ انتخاب:
Na Sailm 102: OC1965
سرخی
شئیر
کاپی
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965