Matha 1

1
1Leabhar ginealaigh Íosa Chríost, mic Dháibhí, mic Abrachaim.
2Ghin Abracham Íosóg, agus ghin Íosóg Iácób, agus ghin Iácób Iúda agus a dheartháireacha, 3agus ghin Iúda Peres agus Saera ó Thamar, agus ghin Peres Hesron, agus ghin Hesron Ram, 4agus ghin Ram Aminadab, agus ghin Aminadab Náisón, agus ghin Náisón Salmón, 5agus ghin Salmón Bóas ó Rahab, agus ghin Bóas Óbéd ó Rút, agus ghin Óbéd Iesse, 6agus ghin Iesse Dáibhí an rí.
Agus ghin Dáibhí Solamh ó bhanchéile Úríá, 7agus ghin Solamh Rehobóam, agus ghin Rehobóam Abíá, agus ghin Abíá Ásá, 8agus ghin Ásá Iehoiseafat, agus ghin Iehoiseafat Iórám, agus ghin Iórám Usía, 9agus ghin Usía Iótam, agus ghin Iótam Ahas, agus ghin Ahas Hesecía, 10agus ghin Hesecía Manase, agus ghin Manase Amós, agus ghin Amós Iósía, 11agus ghin Iósía Ieconía agus a dheartháireacha, in am broide na Babalóine.
12Agus tar éis bhroid na Babalóine: ghin Ieconía Séaltíál, agus ghin Séaltíál Serobabel, 13agus ghin Serobabel Abiúd, agus ghin Abiúd Elíacím, agus ghin Elíacím Asór, 14agus ghin Asór Sadóc, agus ghin Sadóc Acím, agus ghin Acím Eliúd, 15agus ghin Eliúd Eléásar, agus ghin Eléásar Mattan, agus ghin Mattan Iácób, 16agus ghin Iácób Iósaf, fear céile Mhuire, ar gineadh uaithi Íosa dá ngairtear an Críost.
17Mar sin ba cheithre ghlúin déag iad na glúine ó Abracham go Dáibhí, agus ceithre ghlúin déag ó Dháibhí go broid na Babalóine, agus ceithre ghlúin déag ó bhroid na Babalóine go dtí an Críost.
18Is mar seo a tháinig Íosa Críost ar an saol. Nuair a bhí lámh is focal idir a mháthair Muire agus Iósaf, agus sula ndeachaigh sé chuici, fuarthas í agus an leanbh ina broinn ón Spiorad Naomh; 19agus ó bʼfhíréanta é a fear céile Iósaf, agus ó bhí leisce air a náiriú, bhí rún aige scaradh léi os íseal. 20Ach fuair sé taispeáint, agus é ar na smaointe sin, dʼaingeal ón Tiarna i mbrionglóid, agus é á rá leis, “A Iósaif, a mhic Dháibhí, ná bíodh eagla ort faoi ghlacadh le Muire do bhanchéile, mar an ghin atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh í; 21béarfaidh sise mac, agus tabharfaidh tusa Íosa mar ainm air, ós é a shlánós a phobal óna bpeacaí.” 22Tharla sin uile ag comhlíonadh a raibh ráite ag an Tiarna ó bhéal an fháidh:
23“Féach, óigh a ghafas agus a bhéarfas mac, agus gairfear Emanuél de”
(a chiallaíos, go bhfuil Dia linn). 24Nuair a mhúscail Iósaf óna shuan, rinne sé mar a dʼordaigh aingeal an Tiarna dó; agus ghlac sé chuige a bhanchéile, 25gan gabháil chuici go raibh mac aici; agus ba é an t‑ainm a thug sé air, Íosa.

Seçili Olanlar:

Matha 1: OC1970

Vurgu

Paylaş

Kopyala

None

Önemli anlarınızın tüm cihazlarınıza kaydedilmesini mi istiyorsunuz? Kayıt olun ya da giriş yapın

YouVersion, deneyiminizi kişiselleştirmek için tanımlama bilgileri kullanır. Web sitemizi kullanarak, Gizlilik Politikamızda açıklandığı şekilde çerez kullanımımızı kabul etmiş olursunuz