YouVersion logo
Dugme za pretraživanje

Salm 128

128
An Teaghlach Sona Sásta
1 Amhrán Oilithreach.
Is aoibhinn do chách lenarb eagal an Tiarna,
agus a shiúlann ina shlite.
2Íosfaidh tú toradh de shaothair féin;
beidh tú go sona séanmhar.
3Beidh do bhean chéile mar fhíniúin thorthúil,
i gceartlár do thí.
Beidh do chlann mar bhuinneáin crainn olóige,
mór-thimpeall do bhoird.
4Is amhlaidh a bheannófar an duine
ar a mbíonn eagla an Tiarna.
5Go mbeannaí an Tiarna thú amach as Síón;
gach uile lá de do shaol.
6Go bhfeice tú clann do chlainne
agus séan ar Iarúsailéim.
Síocháin go raibh ar Iosrael.

Trenutno izabrano:

Salm 128: ABN2012

Istaknuto

Kopiraj

Uporedi

Podeli

None

Želiš li da tvoje istaknuto bude sačuvano na svim tvojim uređajima? Kreiraj nalog ili se prijavi