Genesis 39
39
Caibidil XXXIX.
Daóirse Ioseph. 7 A gheanmnuidheachd. 20 A chur a bpríosun. 21 Mhar a dfuair cairdeas Dé agus daoine.
1Agus rugadh Ioseph síos do Negipt; agus Potipher oifigeach do mhuinntir Phárao, caiptín a ghárda, Egipteach, do cheannuigh sé é as lamhuibh na Nismaeliteach, noch tug leó síos ann sin é. 2Agus do bhí an TIGHEARNA maille re Ioseph, agus do bhí na dhuine sona; agus do bhí sé a ttigh a mhaighistir an Tégipteach. 3Agus do chonnairc a mhaighistir go raibh an TIGHEARNA maille ris, agus go ttug an TIGHEARNA ar gach ní dá ndearna sé rath do bheith air na lámhuibh. 4Agus fuáir Ióseph grása iona radharc, agus do rinne seirbhís dó: agus do rinne feithmheóir ós cionn a thighe dhe, agus do chuir fá na láimh a raibh aige. 5Agus tárla ó nuáir fá ndéarna sé feithmheóir dhe na thigh, agus ós cionn a raibh aige, gur bheannuigh Día tigh a Négiptigh ar son Ioseph; agus do bhí beannughadh an TIGHEARNA air a raibh aige a stigh, agus amuigh. 6Agus do fhág sé a raibh aige a láimh Ioseph; agus níor bhfios dó éinní dá raibh aige féin, achd amháín an tarán do itheadh sé. Agus do bhí Ioseph, deaghmhaiseach, agus sgíamhach. 7Agus tárla ndiáigh na neitheannso, gur leag bean a mhaighistir a súil air Ióseph, agus go ndubhairt sí leis, Luigh liomsa. 8Ach do dhiúlt seision sin, agus a dubhairt re mnaói a mhaighistir, Féuch, ní feas dom mhaighistir créad atá agamsa so tigh, agus do chuir sé a raibh aige fám lámhuibh. 9Ní bhfuil duine is mó ná mé iona thigh; agus níor chonnuimh sé éinní uaim, ach thusa, do chionn gur tú a bhean: cionnus fhéaduimse mar sin an tolc mór sa, agus an peacadh do dhéanamh a naghuidh Dé? 10Agus tárla mar do bhí sisi lá air lá ag labhairt ré Ioseph, nach ar éist sé ría, do luidhe lé, no do bheith aice. 11Agus tárla timchioll na huáire sin go ndeachuidh Ioseph don tigh do dheanamh a sheirbhise; agus ní raibh aonduine do mhuinntir an tighe astigh ann sin. 12Agus do rug sisi ar éudach air, dá rádh, Luigh liom: agus do fhág seision an brat na láimh, agus do theith, agus do chuáidh sé amach. 13Agus tárla a nuáir do chonnairc sisi gur fhág sé an téadach na láimh agus gur theith amach; 14Gur ghoir sí ar mhuinntir an tighe, agus do labhair sí ríu, agus do ráidh, Feuchuidh, tug sé Eabhruigheach a steach do mhagadh orúinn: táinic sé a steach chugamsa do luighe liom, agus do ghoir misi na chomháirc go hárd. 15Agus tháinic dhe sin a nuáir do chúaluidh sé gur thóg misi mo ghuth ós áird, agus gur chomhairc mé, gur fhág a bhrat agum agus gur theith, agus gur imthigh sé amach. 16Agus do chuir sí an téadach a ccumhdach láimh ría nó go ttáinig a TIGHEARNA a steach. 17Agus do labhair sisi ris do réir na mbríatharso, dá radh, An serbhíseach Eabhruigheach noch thuguis chuguinn, tháinig sé a steach chugamsa do dhéanamh maguidh orum. 18Agus tárla a nuáir do thog misi mo ghuth go hárd, agus do éigh mé, gur fhág sé a bhrat agam, agus gur theith sé amach. 19Agus táinic as sin a nuáir do chúaluidh a mhaighistir bríathra a mhná noch do labhair sí ris, dá rádh, Marso do rinne do sheirbhíseach rium; go raibh a fhearg ar lasadh. 20Agus do ghlac maighistir Jóseph é, agus do chuir a bpríusún é, a náit a rabhadur príusúnuigh an righ ceanguilte; agus do bhí sé ann sin a bpríosún. 21Ach do bhí an TIGHEARNA re Ioseph, agus do thaisbéin grasa dhó, agus tug fabhar dhó a lathair fhircoimhéud an phríusúin. 22Agus tug fearcoimhéad an phríosuin fá láimh Ioseph na príosúnuigh uile, noch do bhí san phríosún; agus gidh bé ar bith do nidís ann sin, dob eision do níodh é. 23Ni fhéuchadh fearcoimhéad an phríusúin do ní ar bith dá raibh fá na láimh: do chionn go raibh an TIGHEARNA maille rision; agus gach ní dá ndéanadh sé go gcuireadh an TIGHEARNA rath aír.
Zvasarudzwa nguva ino
Genesis 39: Bedell
Sarudza vhesi
Sarudza zvinyorwa izvi
Yenzanisa
Pakurirana nevamwe
Unoda kuti zviratidziro zvako zvichengetedzwe pamidziyo yako yose? Nyoresa kana kuti pinda
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)