1
Genesis 45:5
An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)
Bedell
Annois uime sin ná bíodh doilghios oruibh, nó fearg aguibh ribh féin, fa misi do reic annso: óir isé Día do chuir misi romhuibh do chumhdach bhur mbeatha.
Yenzanisa
Ongorora {{vhesi}}
2
Genesis 45:8
Mar sin annois ní sibhsi do chuir uaibh mé ách Día: agus do rinne sé athair dhíomsa do Phárao, agus tighearna ós cionn a thigh uile, agus úachdaran ar feadh chriche na Hégipte uile.
3
Genesis 45:7
Agus do chuir Día misi romhuibhsi do choimheud sleachda dhíbh san talamh, agus do choimhéud bhur mbeatha re tárrtháil mhóir.
4
Genesis 45:4
Agus a dubhairt Ióseph re na dhearbhráithribh, Druidigh riom, iarruim mar athchuinghidh oruibh. Agus do dhruideadar leis. Agus a dubhairt seision Is misi Ióseph bhur ndearbhrathair, noch do reacabhair do Négipt.
5
Genesis 45:6
Oír as dá bhlíadhuin atá an ghorta sa tir: agus atáid fós cúig bhliadhna ann nach bía treabhadh na foghmhar.
6
Genesis 45:3
Agus a dubhairt Ioseph ré na dhearbhráithribh, As misi Ioseph; an bhfuil máthair beó fós? agus níor fhéadadur a dhearbhráithre freagra do thabhairt air, óir do bhí buáidhreadh orra tré bheith na lathaír.