1
Geineasas 22:14
An Bíobla Naofa 1981
ABN
Thug Abrahám “Soláthar ón Tiarna” ar an láthair sin, agus uime sin an seanfhocal atá againn inniu féin: “Déanann an Tiarna soláthar ar an sliabh.”
तुलना
अन्वेषण गर्नुहोस् Geineasas 22:14
2
Geineasas 22:2
“Tóg leat do mhac,” arsa Dia leis, “dʼaonmhac Íosác ar a bhfuil do ghreann, agus imigh go tír Mhoiriá, agus déan é a íobairt ansiúd ina íobairt dhóite ar chnoc a thaispeánfaidh mé duit.”
अन्वेषण गर्नुहोस् Geineasas 22:2
3
Geineasas 22:12
Dúirt sé: “Ná leag lámh ar do mhac, agus ná déan aon dochar dó; óir tá a fhios agam anois go bhfuil eagla Dé ort, mar níor dhiúltaigh tú do mhac, dʼaonmhac, dom.”
अन्वेषण गर्नुहोस् Geineasas 22:12
4
Geineasas 22:8
Dʼfhreagair Abrahám: “Cuirfidh Dia féin an t‑uan ar fáil don íobairt dhóite,” agus ar aghaidh leo araon le chéile.
अन्वेषण गर्नुहोस् Geineasas 22:8
5
Geineasas 22:17-18
dáilfidh mé na frása beannachtaí uaim anuas ort. Cuirfidh mé an rath ar do shíol ionas go mbeidh siad líonmhar mar réaltaí neimhe nó mar ghaineamh na trá; agus beidh seilbh ag do shliocht ar gheataí [cathrach] do naimhde. Beannóidh ciníocha uile an domhain iad féin dar do shliocht mar gur ghéill tú do mo ghlór.”
अन्वेषण गर्नुहोस् Geineasas 22:17-18
6
Geineasas 22:1
Tamall ina dhiaidh sin chuir Dia promhadh ar Abrahám: “A Abrahám, a Abrahám,” ar sé. “Anseo dom,” ar seisean.
अन्वेषण गर्नुहोस् Geineasas 22:1
7
Geineasas 22:11
Ach ghlaoigh aingeal an Tiarna air ó neamh agus dúirt: “A Abrahám, a Abrahám.” Dúirt sé: “Anseo dom.”
अन्वेषण गर्नुहोस् Geineasas 22:11
8
Geineasas 22:15-16
Agus ghlaoigh aingeal an Tiarna ar Abrahám athuair ó neamh: “Mhionnaigh mé dar mise féin–focail an Tiarna iad seo–ós rud é go ndearna tú an rud seo agus nár dhiúltaigh tú do mhac, dʼaonmhac féin, dom
अन्वेषण गर्नुहोस् Geineasas 22:15-16
9
Geineasas 22:9
Nuair a shroicheadar an áit a thaispeáin Dia dó, thóg Abrahám altóir ann agus chóirigh an t‑adhmad uirthi. Chuir sé ceangal faoina mhac agus leag ar an altóir é, anuas ar an adhmad.
अन्वेषण गर्नुहोस् Geineasas 22:9