Salm 146
146
Is aoibhinn don Té a mbíonn a Dhóchas i nDia aige
1 Alleluia.
Tabhair moladh don Tiarna, a anam liom.
2Molfaidh mé an Tiarna le mo bheo;
molfaidh mé mo Dhia fad a mhairfidh mé.
3Ná cuirigí bhur muinín i bhflatha,
ná sa duine trí nach dtagann slánú.
4Nuair a scarann an anáil leis filleann sé sa chré
agus téann a bhearta ar ceal an uair sin.
5Is méanar don té a bhfuil a chúnamh i nDia Iacób;
a chuireann a dhóchas sa Tiarna, a Dhia,
6an té a rinne neamh agus talamh,
an fharraige, agus gach a bhfuil iontu.
An té a sheasann lena bhriathar de shíor;
7agus a dhéanann ceart don dream atá faoi chois.
Is é a thugann bia don ocrach.
Is é an Tiarna a scaoileann na braighdeanaigh.
8Osclaíonn sé súile na ndall.
8b Tógann sé suas an dream atá crom.
8c Tugann an Tiarna grá don fhíréan;
9Cumhdaíonn an Tiarna an coimhthíoch;
9b déanann sé tacaíocht don dílleachtaí is don bhaintreach.
9c ach cuireann sé slí na bpeacach trína chéile.
10Beidh an Tiarna i réim go brách,
ina Dhia agat, a Shíón, ó ghlúin go glúin.
လက္ရွိေရြးခ်ယ္ထားမွု
Salm 146: ABN2012
အေရာင္မွတ္ခ်က္
မၽွေဝရန္
ကူးယူ
မိမိစက္ကိရိယာအားလုံးတြင္ မိမိအေရာင္ခ်ယ္ေသာအရာမ်ားကို သိမ္းဆည္းထားလိုပါသလား။ စာရင္းသြင္းပါ (သို႔) အေကာင့္ဝင္လိုက္ပါ
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.

:
အေရာင္မွတ္ခ်က္
မၽွေဝရန္
ကူးယူ
မိမိစက္ကိရိယာအားလုံးတြင္ မိမိအေရာင္ခ်ယ္ေသာအရာမ်ားကို သိမ္းဆည္းထားလိုပါသလား။ စာရင္းသြင္းပါ (သို႔) အေကာင့္ဝင္လိုက္ပါ
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.