Matha 25
25
An Deichniúr Maighdean
1“Is iad dála Ríocht na bhflaitheas an uair sin mar a bhí ag deichniúr maighdean a chuaigh amach agus a lampaí acu in araicis an fhir nuaphósta. 2Cúigear díobh seo, bhí siad gan tuiscint agus bhí an cúigear eile ciallmhar; 3mar, thug na mná gan tuiscint na lampaí leo agus gan aon ola acu, 4ach thug na mná ciallmhara ola ina bpróicíní leo chomh maith leis na lampaí. 5Bhí an fear nuaphósta ag déanamh moille, agus tháinig sámhán orthu uile agus thit siad ina gcodladh. 6Ach glaodh i lár na hoíche: ‘Chugaibh an fear nuaphósta! Amach libh ina araicis!’ 7Dʼéirigh na maighdeana sin uile ina suí agus dheasaigh siad a lampaí. 8Ach dúirt na mná gan tuiscint leis na mná ciallmhara: ‘Tugaigí dúinn braon de bhur n-olasa, mar tá ár lampaíne in éag.’ 9Dʼfhreagair lucht na céille iad: ‘Le heagla,’ ar siad, ‘nach mbeadh ár ndóthain ann dúinn féin agus daoibh-se, bʼfhearr daoibh-se dul go dtí lucht a díolta dá ceannach daoibh féin.’ 10Bhí siad ag dul dá ceannach nuair a tháinig an fear nuaphósta, agus iad seo a bhí ullamh, chuaigh siad isteach in éineacht leis chun na bainise, agus dúnadh an doras. 11Sa deireadh, tháinig na maighdeana eile freisin: ‘A Thiarna, a Thiarna,’ ar siad, ‘oscail dúinn!’ 12Ach dʼfhreagair sé agus dúirt: ‘Deirim libh go fírinneach, níl aithne agam oraibh.’ 13Bígí ag faire, dá bhrí sin, mar níl a fhios agaibh an lá ná an uair.
Parabal na dTallann
14“Ar nós an duine a bhí ag dul ar an gcoigríoch: ghlaoigh sé ar a sheirbhísigh agus thaobhaigh leo a mhaoin; 15thug cúig thallann do dhuine acu, a dó de thallanna do dhuine eile, aon tallann amháin do dhuine eile–do gach duine de réir an chumais a bhí ann–agus dʼfhág an tír. 16Ní dhearna fear na gcúig thallann aon mhoill gan cur chun gnó leo agus cúig cinn eile a ghnóthú. 17Mar an gcéanna dʼfhear an dá thallann; ghnóthaigh seisean dhá cheann eile. 18Ach chuaigh fear na haon tallainne amháin agus rinne poll sa talamh agus chuir sé airgead a mháistir i bhfolach. 19Seal fada ina dhiaidh sin, tháinig máistir na seirbhíseach sin ag réiteach cuntas leo. 20Tháinig fear na gcúig thallann ina láthair agus thairg cúig thallann eile aige chuige agus ar seisean: ‘A mháistir, dʼfhág tú cúig thallann ar iontaoibh agam-sa; seo duit cúig cinn eile a ghnóthaigh mé.’ 21Labhair a mháistir leis: ‘Go han-mhaith; dea-sheirbhíseach iontaofa thú: bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; ceapfaidh mé i do cheann thú ar mhórán; gábh isteach in aoibhneas do thiarna.’ 22Tháinig ina láthair ansin fear an dá thallann: ‘A mháistir,’ ar seisean, ‘dʼfhág tú dhá thallann ar iontaoibh agam-sa: seo duit dhá cheann eile a ghnóthaigh mé.’ 23Labhair a mháistir leis: ‘Go han-mhaith: dea-sheirbhíseach iontaofa thú; bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; ceapfaidh mé i do cheann thú ar mhórán: gábh isteach in aoibhneas do thiarna.’ 24Tháinig ina láthair ansin an fear a fuair an t-aon tallann amháin: ‘A mháistir,’ ar seisean, ‘bhí aithne agam ort gur duine crua thú, ag baint fómhair san áit nár chuir tú síol, agus ag cnuasach as an áit nach ndearna tú scaipeadh; 25agus le barr eagla, chuaigh mé ag cur do thallainne i bhfolach sa talamh. Seo duit í: tá do chuid féin agat.’ 26Dúirt a mháistir leis dá fhreagairt: ‘Drochsheirbhíseach leisciúil thú! Bhí a fhios agat go mbainim fómhar san áit nár chuir mé síol agus go gcnuasaím as an áit nach ndearna mé scaipeadh: 27ba cheart duit-se mar sin mo chuid airgid a chur chun lucht gaimbín, agus nuair a thiocfainn gheobhainn mo chuid féin ar ais le hús. 28Bainigí de an tallann agus tugaigí í don duine a bhfuil na deich dtallann aige, 29óir, gach aon duine a mbíonn ní aige, tabharfar dó agus beidh fuílleach aige, ach an té a bhíonn gan ní, fiú amháin a mbíonn aige bainfear de é. 30Agus an seirbhíseach úd gan aird, caitear amach sa dorchadas é: is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.’
An Breithiúnas Deireanach
31“Nuair a thiocfaidh Mac an Duine ina ghlóir agus na haingil uile in éineacht leis, rachaidh sé ina shuí an uair sin i rí-chathaoir a ghlóire. 32Beidh na náisiúin uile cruinnithe os a chomhair, agus déanfaidh sé na daoine a scaradh ó chéile, mar a scarann an t-aoire na caoirigh ó na gabhair. 33Cuirfidh sé na caoirigh ar a láimh dheis agus na gabhair ar a láimh chlé. 34Ansin déarfaidh an rí le lucht na láimhe deise: ‘Tagaigí, a lucht bheannaithe mʼAthar, glacaigí mar oidhreacht an Ríocht a ullmhaíodh daoibh ó thúsú an domhain. 35Óir bhí ocras orm agus thug sibh rud le hithe dom, bhí tart orm agus thug sibh rud le hól dom, bhí mé i mo strainséir agus thug sibh aíocht dom, 36bhí mé nocht agus chuir sibh éadach orm, bhí mé tinn agus tháinig sibh do mʼfheiceáil, bhí mé i bpríosún agus thug sibh cuairt orm.’ 37Freagróidh na fíréin é ansin: ‘A Thiarna, cén uair a chonaiceamar thú agus ocras ort go dtabharfaimis bia duit, nó tart ort go dtabharfaimis deoch duit? 38Cén uair a chonaiceamar i do strainséir thú go dtabharfaimis aíocht duit, nó nocht go gcuirfimis éadach ort? 39Nó cén uair a chonaiceamar tinn thú, nó i bpríosún, go dtabharfaimis cuairt ort?’ 40Agus déarfaidh an rí dá bhfreagairt: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agam-sa, is dom-sa a rinne sibh é.’ 41Ansin déarfaidh sé le lucht na láimhe clé ar a seal: ‘Imígí uaim, a dhream mhallaithe, isteach sa tine shíoraí a ullmhaíodh don diabhal agus dá chuid aingeal. 42Óir bhí ocras orm agus níor thug sibh aon rud le hithe dom, bhí tart orm agus níor thug sibh aon rud le hól dom, 43bhí mé i mo strainséir agus níor thug sibh aíocht dom, bhí mé nocht agus níor chuir sibh aon éadach orm, bhí mé tinn agus i bpríosún agus níor tháinig sibh do mʼfheiceáil.’ 44Agus freagróidh siad sin é ansin: ‘A Thiarna, cén uair a bhí tú le feiceáil againn agus ocras nó tart ort, nó i do strainséir, nó nocht nó tinn nó i bpríosún agus nach ndearnamar freastal ort?’ 45Ansin freagróidh sé iad: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid nach ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú díobh seo, ní dhearna sibh dom-sa é ach a oiread.’ 46Agus imeoidh siad leo, iad seo isteach i bpionós síoraí, ach na fíréin i mbeatha shíoraí.”
လက္ရွိေရြးခ်ယ္ထားမွု
Matha 25: ABN2012
အေရာင္မွတ္ခ်က္
မၽွေဝရန္
ကူးယူ
မိမိစက္ကိရိယာအားလုံးတြင္ မိမိအေရာင္ခ်ယ္ေသာအရာမ်ားကို သိမ္းဆည္းထားလိုပါသလား။ စာရင္းသြင္းပါ (သို႔) အေကာင့္ဝင္လိုက္ပါ
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.

: