YouVersion လိုဂို
ရွာရန္ အိုင္ကြန္

Matha 16

16
Gabháil na bhFairisíneach
1Tháinig na Fairisínigh agus na Sadúcaigh chuige, agus dʼiarr siad air, ag baint trialach as, comhartha ó na flaithis a thaispeáint dóibh. 2Dúirt sé leo dá bhfreagairt: “Nuair a bhíonn an tráthnóna ann deir sibh: ‘Tá aimsir bhreá air: tá an spéir dearg’; 3agus ar maidin: ‘Déanfaidh sé drochaimsir inniu: tá an spéir dearg, gruama.’ Tuigeann sibh conas dreach na spéire a bhreithniú; an ea nach féidir libh comharthaí na n-aimsirí seo a bhreithniú? 4Drochghlúin adhaltrach agus í ag lorg comhartha, agus gan de chomhartha le tabhairt di ach comhartha Ióna”–á bhfágáil ansin agus ag imeacht leis.
5Ag dul go dtí an taobh eile dóibh, ba é dearmad na ndeisceabal gan aon arán a thabhairt leo. 6Dúirt Íosa leo: “Bígí aireach do bhur seachaint féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus na Sadúcach.” 7Ach bhí siad-san ag machnamh mar seo ina gcroí:
“Mar nár thugamar an t-arán linn.” 8Ach bhí a fhios ag Íosa agus dúirt: “Cén fáth a bhfuil an machnamh seo in bhur gcroí, a lucht an bheagán creidimh, mar nár thug sibh an t-arán libh? 9Nach dtuigeann sibh fós, nó nach cuimhin libh na cúig bhuilín don chuig mhíle, agus cé mhéad ciseán a thóg sibh suas? 10Nó na seacht mbuilín don cheithre mhíle agus cé mhéad cléibhín a thóg sibh suas? 11Cén fáth nach dtuigeann sibh nach ag caint ar arán a bhí mé libh? Ach seachnaígí sibh féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus na Sadúcach.” 12Thuig siad ansin narbh í gabháil an aráin a dúirt sé a bhí le seachaint acu, ach teagasc na bhFairisíneach agus na Sadúcach.
Admháil ó Pheadar: An Phríomhaíocht
13Ar theacht isteach i gceantar Chaesairia Philib dó, dʼfhiafraigh Íosa dá chuid deisceabal: “Cé hé a deir na daoine Mac an Duine?” 14Dúirt siad: “Deir cuid acu Eoin Baiste; cuid eile acu Éilias; tuilleadh acu Irimia nó duine de na fáithe.” 15Dúirt sé leo: “Ach cé a deir sibh-se mé?” 16Dúirt Síomón Peadar dá fhreagairt: “Is tú an Críost, Mac Dé bheo.” 17Dʼfhreagair Íosa agus dúirt sé leis: “Is méanar duit, a Shíomóin mac Ióna, óir ní fuil agus feoil a dʼfhoilsigh duit é ach mʼAthair atá ar Neamh. 18Agus deirim-se leat-sa gur tú Peadar agus is ar an gcarraig seo a thógfaidh mé mʼeaglais, agus ní bhuafaidh geataí Ifrinn uirthi. 19Agus tabharfaidh mé duit eochracha Ríocht na bhflaitheas; rud ar bith a cheanglaíonn tú ar talamh beidh sé ceangailte ar Neamh, agus rud ar bith a scaoileann tú ar talamh beidh sé scaoilte ar Neamh.” 20Chuir sé mar acht ar na deisceabail ansin gan a rá le duine ar bith gurbh é féin an Críost.
An Pháis agus an tAiséirí An Chros agus an Choróin
21Ón uair sin amach, thosaigh Íosa dá thaispeáint dá dheisceabail nárbh fholáir dó dul go hIarúsailéim agus mórán a fhulaingt ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá. 22Ach thug Peadar ar fhód ar leith é agus thosaigh ag tabhairt casaoide dó: “Go bhfóire Dia ort, a Thiarna,” ar seisean, “agus i bhfad uait sin!” 23Ach dʼiompaigh Íosa thairis agus dúirt le Peadar: “Siar i mo dhiaidh leat, a Shátain! Is ceap tuisle dom thú, mar ní hiad smaointe Dé atá i dʼaigne ach smaointe daoine.”
24Ansin dúirt Íosa lena dheisceabail: “Más áil le haon duine a bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros agus leanadh mé. 25Óir cibé arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é; ach cibé a chaillfidh a anam mar gheall orm-sa, gheobhaidh sé é. 26Óir cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin ar ceal? Nó cad a dʼfhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam? 27Óir tá Mac an Duine le teacht faoi ghlóir a Athar lena chuid aingeal, agus ansin cúiteoidh sé le gach duine de réir mar a rinne. 28Deirim libh go fírinneach, tá daoine anseo i láthair nach mblaisfidh an bás nó go mbeidh Mac an Duine feicthe acu ag teacht ina Ríocht.”

လက္ရွိေရြးခ်ယ္ထားမွု

Matha 16: ABN2012

အေရာင္မွတ္ခ်က္

မၽွေဝရန္

ကူးယူ

None

မိမိစက္ကိရိယာအားလုံးတြင္ မိမိအေရာင္ခ်ယ္ေသာအရာမ်ားကို သိမ္းဆည္းထားလိုပါသလား။ စာရင္းသြင္းပါ (သို႔) အေကာင့္ဝင္လိုက္ပါ