YouVersion လိုဂို
ရွာရန္ အိုင္ကြန္

Matha 14

14
Bás Eoin Baiste
1San am sin, chuala Héaród, an rí cúige, iomrá faoi Íosa, 2agus dúirt sé le lucht a chúirte: “Eoin Baiste é seo: tá sé éirithe ó mhairbh, agus sin é an fáth a bhfuil na míorúiltí dá n-oibriú tríd.” 3Is amhlaidh a bhí Héaród tar éis Eoin a ghabháil agus é a chur i ngéibheann agus i bpríosún mar gheall ar Héaróidias, bean Philib a dheartháir. 4Mar dúirt Eoin leis: “Ní ceadmhach duit í a bheith agat.” 5Ba mhaith le Héaród é a chur chun báis ach bhí eagla air roimh na daoine, mar bhí meas fáidh acu air. 6Ach nuair a bhí cuimhne lae a bhreithe dá comóradh ag Héaród, rinne iníon Héaróidias rince os comhair na cuideachta agus thaitin sí chomh mór sin le Héaród 7gur gheall sé faoi bhrí na mionn rud ar bith a dʼiarrfadh sí a thabhairt di. 8Bhí ceacht faighte óna máthair aici seo, áfach: “Tabhair dom anseo ar mhias,” ar sise, “ceann Eoin Baiste.” 9Bhuail aiféala an rí, ach mar gheall ar a mhionn agus ar na daoine a bhí ag bord leis, dʼordaigh sé an aisce a thabhairt di, 10agus chuir faoi deara Eoin a dhícheannadh sa phríosún. 11Tugadh a cheann isteach ar mhias le tabhairt don chailín agus rug sise ag triall ar a máthair é. 12Tháinig deisceabail Eoin agus thóg siad leo an corp chun a adhlactha; tháinig siad ansin dá insint dʼÍosa.
Céad Mhíorúilt na mBuilíní agus na nIasc
13Agus nuair a chuala Íosa é, chuaigh sé i leataobh as sin i mbád go dtí áit uaigneach ar leithligh. Ach fuair na sluaite scéala air, agus tháinig siad amach as na cathracha dá leanúint dá gcois. 14Ar theacht i dtír dó, chonaic sé slua mór agus ghlac sé trua dóibh agus leigheas na hothair a bhí leo. 15Nuair a bhí an tráthnóna ann, áfach, tháinig na deisceabail chuige agus dúirt siad: “Áit uaigneach é seo agus tá sé deireanach feasta. Mar sin, scaoil uait na sluaite go dtéidís isteach sna bailte agus bia a cheannach dóibh féin.” 16Ach dúirt Íosa leo: “Ní gá dóibh imeacht; tugaigí sibh-se rud le hithe dóibh.” 17“Ach,” ar siad-san leis, “níl anseo againne ach cúig bhuilín agus dhá iasc.” 18“Tugaigí chugam anseo iad,” ar seisean. 19Dʼordaigh sé do na sluaite luí fúthu ar an bhféar; thóg sé na cúig bhuilín agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh, bhris, agus thug na builíní do na deisceabail, agus thug na deisceabail do na sluaite iad. 20Dʼith siad uile agus bhí siad sách, agus thóg siad suas an bruscar fuílligh, lán dhá chiseán déag. 21Timpeall cúig mhíle fear a fuair an béile, gan mná ná páistí a áireamh.
Críost agus Peadar ag Siúl ar an bhFarraige
22Ansin chuir sé dʼfhiacha ar na deisceabail dul ar bord agus imeacht roimhe go dtí an taobh thall fad a bheadh sé féin ag scaoileadh na sluaite uaidh. 23Agus tar éis a scaoilte dó, chuaigh sé an sliabh suas ar leithligh chun guí, agus nuair a bhí an tráthnóna ann bhí sé ansiúd ina aonar. 24Bhí an bád faoin am sin mórán staideanna amach ón talamh, dá bocadh ag na farraigí, mar bhí an ghaoth contrártha. 25Sa cheathrú faire den oíche, tháinig sé chucu ag siúl ar an bhfarraige. 26Nuair a chonaic na deisceabail é, agus é ag siúl ar an bhfarraige, bhí siad buartha: “Taibhse atá ann!” ar siad, agus scread siad amach le barr eagla. 27Ach labhair Íosa leo láithreach: “Bíodh misneach agaibh!” ar seisean, “mise atá ann, ná bíodh eagla oraibh.” 28Dʼfhreagair Peadar é: “A Thiarna,” ar seisean, “más tú atá ann, ordaigh mé a theacht chugat ar bharr an uisce.” 29Dúirt Íosa: “Tar!” Agus tháinig Peadar amach as an mbád agus shiúil ar bharr an uisce ag déanamh ar Íosa. 30Ach nuair a dʼairigh sé chomh borb agus a bhí an ghaoth, rug an eagla air; thosaigh ag dul faoi uisce agus scread sé amach: “A Thiarna, saor mé!” ar seisean. 31Shín Íosa amach a lámh láithreach, agus ag breith greama air dúirt: “A fhir an bheagán creidimh, cén fáth ar tháinig amhras ort?” 32Ar dhul isteach sa bhád dóibh, thit an ghaoth. 33Agus iad seo a bhí sa bhád, dʼumhlaigh siad síos ina láthair ag rá: “Go dearfa, is tú Mac Dé.”
Íosa i nGeinéasaireit
34Ar dhul trasna dóibh bhuail siad talamh ag Geinéasaireit. 35Nuair a dʼaithin muintir na háite sin é, chuir siad scéala ar fud na tíre sin go léir timpeall agus tugadh chuige iad seo go léir a bhí tinn, 36agus bhí siad dá iarraidh air a ligean dóibh fiú amháin a lámh a chur le scothóg a bhrait, agus a oiread díobh agus a chuir, leigheasadh iad.

လက္ရွိေရြးခ်ယ္ထားမွု

Matha 14: ABN2012

အေရာင္မွတ္ခ်က္

မၽွေဝရန္

ကူးယူ

None

မိမိစက္ကိရိယာအားလုံးတြင္ မိမိအေရာင္ခ်ယ္ေသာအရာမ်ားကို သိမ္းဆည္းထားလိုပါသလား။ စာရင္းသြင္းပါ (သို႔) အေကာင့္ဝင္လိုက္ပါ