1
Marcus 10:45
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
JOYNTG
Óir ní ṫáinig Mac an Duine féin ċum go ndéanfaiḋe frioṫáileaṁ air, aċt ċum fo ndéanfaḋ seisean frioṫáileaṁ, agus go dtiuḃraḋ sé a anam i n‐éiric móráin.
ႏွိုင္းယွဥ္
Marcus 10:45ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
2
Marcus 10:27
Agus ag féaċain d’Íosa orṫa, aduḃairt sé, Ní féidir do ḋaoiniḃ é, aċt ní mar sin do Ḋia; óir is féidir le Dia gaċ uile niḋ do ḋéanaṁ.
Marcus 10:27ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
3
Marcus 10:52
Agus aduḃairt Íosa leis, Imṫiġ leat, do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫú. Agus ar an láṫair ṫáinig a raḋarc dó, agus do lean sé é sa tsliġe.
Marcus 10:52ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
4
Marcus 10:9
D’á ḃriġ sin, an niḋ atá ceangailte ag Dia, ná scaoileaḋ duine é.
Marcus 10:9ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
5
Marcus 10:21
Agus iar ḃféaċain d’Íosa air, ṫug sé gráḋ ḋó, agus aduḃairt sé leis, Atá aon niḋ aṁáin i n‐easnaṁ ort: imṫiġ, díol a ḃfuil agat, agus taḃair a luaċ do na boċtaiḃ, agus do‐ġeoḃair saiḋḃreas ar neaṁ; agus tar agus lean mise.
Marcus 10:21ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
6
Marcus 10:51
Agus d’ḟreagair Íosa, agus aduḃairt sé, Créad ba ṁian leat do‐ġéanainn duit? Agus aduḃairt an dall leis, A Ṁáiġistir, mo raḋarc ṫaḃairt dom.
Marcus 10:51ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
7
Marcus 10:43
Aċt ní mar sin daoiḃ‐se: aċt cibé duine gur mian leis ḃeiṫ mór eadraiḃ, caiṫfiḋ sé ḃeiṫ ’n‐a ṡeirḃíseaċ agaiḃ
Marcus 10:43ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
8
Marcus 10:15
Adeirim liḃ go fírinneaċ, Cibé duine naċ nglacfaiḋ ríoġaċt Dé ar nós leinḃ, naċ raċaiḋ sé isteaċ innti ċoiḋċe.
Marcus 10:15ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
9
Marcus 10:31
Aċt is iomḋa duine d’á ḃfuil ar tosaċ ḃéas ar deireaḋ: agus d’á ḃfuil ar deireaḋ ḃéas ar tosaċ.
Marcus 10:31ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
10
Marcus 10:6-8
Aċt ó cruṫuiġeaḋ gaċ niḋ ar dtús, fireann agus baineann do sinne sé iad. Ar an aḋḃar sin tréigfiḋ duine a aṫair agus a ṁáṫair, agus claoiḋfiḋ sé le n‐a ṁnaoi; agus béiḋid beirt ’n‐a n‐aon ḟeoil aṁáin: i dtreo naċ beirt iad as sin amaċ, aċt aon ḟeoil aṁáin.
Marcus 10:6-8ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
ပင္မစာမ်က္ႏွာ
သမၼာက်မ္းစာ
အစီအစဥ္မ်ား
ဗီဒီယိုမ်ား