1
Matha 7:7
An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012
ABN2012
“Iarraigí, agus tabharfar daoibh; lorgaigí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar daoibh.
ႏွိုင္းယွဥ္
Matha 7:7ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
2
Matha 7:8
Óir, gach aon duine a iarrann, glacann, agus an té a lorgann, faigheann, agus an té a bhuaileann, osclófar dó.
Matha 7:8ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
3
Matha 7:24
“Duine ar bith, mar sin, a chluineann na briathra seo a deirim agus a dhéanann dá réir, ní miste a chur i gcosúlacht le fear ciallmhar a thóg teach do féin ar an gcarraig
Matha 7:24ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
4
Matha 7:12
“Nithe ar bith ab áil libh daoine a dhéanamh daoibh-se, déanaigí amhlaidh sin dóibh: sin é an dlí agus na fáithe.
Matha 7:12ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
5
Matha 7:14
Ach is cúng an doras agus is caol an bóthar a sheolann chun na beatha, agus is iad an beagán a aimsíonn é.
Matha 7:14ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
6
Matha 7:13
“Téigí isteach tríd an doras cúng, mar is fairsing an doras agus is leathan an bóthar a sheolann chun léir-scrios ta, agus tá mórán a ghabhann an tslí sin isteach.
Matha 7:13ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
7
Matha 7:11
Dá bhrí sin, más eol daoibh-se, dá olcas sibh, nithe maithe a thabhairt do bhur gclann, nach móide go dtabharfaidh bhur nAthair atá ar neamh nithe maithe dóibh seo a iarrann air iad?
Matha 7:11ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
8
Matha 7:1-2
“Ná tugaigí breith le heagla go dtabharfaí breith oraibh; óir is de réir na breithe a thugann sibh a thabharfar breith oraibh, agus is de réir an tomhais lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh.
Matha 7:1-2ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
9
Matha 7:26
“Ach duine ar bith a chluineann na briathra seo a deirim agus nach ndéanann dá réir, ní miste a chur i gcosúlacht le fear gan tuiscint a thóg teach dó féin ar an ngaineamh
Matha 7:26ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
10
Matha 7:3-4
“Cén fáth a bhfeiceann tú an cáithnín i súil do bhráthar agus nach n-airíonn tú an tsail i do shúil féin? Nó cad a bheir duit a rá le do bhráthair: ‘Fan go mbainfidh mé an cáithnín as do shúil duit’; agus sin í an tsail i do shúil féin!
Matha 7:3-4ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
11
Matha 7:15-16
“Seachnaígí na fáithe bréige a thagann chugaibh faoi chló caorach ach gur faolchúnna amplacha iad laistigh. Ar a dtorthaí a aithneoidh sibh iad. An mbaintear fíonchaora de dheilgneach, nó figí dʼfheochadáin?
Matha 7:15-16ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
12
Matha 7:17
Sa chaoi chéanna, tugann gach crann maith torthaí fónta uaidh, ach tugann an drochchrann drochthorthaí.
Matha 7:17ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
13
Matha 7:18
Ní féidir don chrann maith drochthorthaí a thabhairt, ná don droch-chrann torthaí fónta a thabhairt.
Matha 7:18ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
14
Matha 7:19
Gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrtar anuas agus caitear sa tine é.
Matha 7:19ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
ပင္မစာမ်က္ႏွာ
သမၼာက်မ္းစာ
အစီအစဥ္မ်ား
ဗီဒီယိုမ်ား