1
Matha 4:4
An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012
ABN2012
Dúirt sé dá fhreagairt: “Tá sé scríofa: ‘Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine, ach ar an uile fhocal a thagann as béal Dé.’”
ႏွိုင္းယွဥ္
Matha 4:4ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
2
Matha 4:10
Dúirt Íosa leis ansin: “Imigh leat, a Shátain, óir tá sé scríofa: ‘Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.’”
Matha 4:10ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
3
Matha 4:7
Dúirt Íosa leis: “Tá sé scríofa freisin: ‘Ní bhainfidh tú triail as an Tiarna do Dhia.’”
Matha 4:7ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
4
Matha 4:1-2
Ansin, seoladh Íosa isteach sa bhfhásach ag an Spiorad le promhadh ag an diabhal. Rinne sé troscadh ar feadh daichead lá agus daichead oíche, agus ina dhiaidh sin bhí ocras air.
Matha 4:1-2ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
5
Matha 4:19-20
Labhair sé leo: “Tagaigí i mo dhiaidh, agus déanfaidh mé iascairí ar dhaoine díbh.” Dʼfhág siad na líonta láithreach agus lean siad é.
Matha 4:19-20ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
6
Matha 4:17
Ón am sin amach, thosaigh Íosa ag seanmóir agus ag rá: “Déanaigí aithrí, mar tá Ríocht na bhflaitheas in achomaireacht.”
Matha 4:17ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
ပင္မစာမ်က္ႏွာ
သမၼာက်မ္းစာ
အစီအစဥ္မ်ား
ဗီဒီယိုမ်ား