1
Maitiú 18:20
Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)
ASN1943
Óir mar a mbíonn beirt nó thriúr cruinnighthe i m’ainm-se, bím-se annsin ina measc.
ႏွိုင္းယွဥ္
Maitiú 18:20ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
2
Maitiú 18:19
Deirim libh arís, má bhíonn beirt agaibh ar aon intinn ar talamh fá aon nídh ar bith dá n-iarrfaidh siad, dhéanfar dóibh é ó m’Athair atá ar neamh.
Maitiú 18:19ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
3
Maitiú 18:2-3
Agus ghoir Íosa chuige leanbh, agus chuir sé ina measc é. Agus dubhairt: Amén adeirim libh, muna dtionntuighidh sibh agus bheith ar nós na leanbh, ní rachaidh sibh isteach i ríoghacht na bhflaitheas.
Maitiú 18:2-3ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
4
Maitiú 18:4
Dá bhrígh sin, cibé a ísleochas é féin ar nós an leinbh seo, is é is mó i ríoghacht na bhflaitheas.
Maitiú 18:4ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
5
Maitiú 18:5
Agus cibé a ghlacfas aon leanbh mar seo i m’ainm-se, glacann sé mise.
Maitiú 18:5ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
6
Maitiú 18:18
Amén adeirim libh, cibé neithe a cheanglóchas sibh ar an talamh, béidh siad ceangailte ar neamh: agus cibé neithe a scaoilfeas sibh ar an talamh, béidh siad scaoilte ar neamh.
Maitiú 18:18ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
7
Maitiú 18:35
Is mar seo mar an gcéadna a dhéanfas m’Athair neamhdha libh-se, muna maithidh sibh, gach duine agaibh dá bhráthair, ó bhur gcroidhthe.
Maitiú 18:35ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
8
Maitiú 18:6
Acht an té a bhéarfas scainneal d’aoinneach de na rudaí beaga seo a chreideas ionnam-sa, b’fheárr dó dá gcrochtaí bró asail fá n-a mhuinéal, agus a bháthadh i nduibheagán na fairrge.
Maitiú 18:6ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
9
Maitiú 18:12
Cad é bhur mbaramhail? Má bhíonn céad caora ag duine agus téid ceann acu ar seachrán; nach bhfágann sé na naoi gcinn déag agus ceithre fichid ar na sléibhte, agus nach dtéid sé ar lorg an chinn a chuaidh ar seachrán?
Maitiú 18:12ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
ပင္မစာမ်က္ႏွာ
သမၼာက်မ္းစာ
အစီအစဥ္မ်ား
ဗီဒီယိုမ်ား