Psalm 29
29
XXIX Psalm.
1Tuguidhe a láochra laidir tréun,
Do Thighearna na bhfeart;
Tuguidhe don Tighearna úd maráon,
Glóir urruim agus neart.
2An ghlóir is cubhuidh fós dá ainm,
Tuguidhe don Dia roi‐thréun;
Sleachtuigh don Tighearna m’aráon,
’Maise’ náomhachta féin.
3Ta guth dé air na huisgidhibh,
A’s fós ghnídh Dia na nglóir;
Sar thóirneach a’s suidhean se,
Ar uisg’ibh láidir mór.
4Guth an Tighearna cómh’chtach tá,
Mór neartmhar agus tréun;
Ta guth an Tighearna m’aráon,
Lán‐mórghalach ann féin.
5Brisigh an Ti’arna le na ghuth,
Na céudair ata’ fás:
Brisf’ear céudar Lebanoin síos,
Mar ghéigín maoth a’s tláith.
6A’s bheir se orra léim go clisd,
Amhluidhe mar ghamhuin bó;
Sliabh Sirion a’s Lebanon,
Mar áon‐adharcach óg.
7Sgoílfigh Dia an dealánach,
An fásach craidhfigh sé;
8Seadh, diothraimh Chades mar an ccéadn’,
’Se Dia a chrathas é.
9Bheir guth Dé fós air Eilitíbh,
Go mbéirean siad na laógh;
A’s lomuigh súd na coilte dluith,
Ag creime bhárr na ccráobh.
Is ann a theampoll náomtha san,
Cuirfigh gach neach a ccéill;
Glóir agus urruim mhór ar nDia,
Da mholadh san da réir.
10Ta Dia na chómhnuidhe air an tuil’,
’Sna shuidh go brath ’na rígh;
11Bhéir Dia dá phoball neart a’s treun,
Da mbeannughadh le síoth.
اکنون انتخاب شده:
Psalm 29: PSA1836
هایلایت
کپی
مقایسه
به اشتراک گذاشتن
می خواهید نکات برجسته خود را در همه دستگاه های خود ذخیره کنید؟ برای ورودثبت نام کنید یا اگر ثبت نام کرده اید وارد شوید
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836