Psalm 27
27
XXVII Psalm.
1’Se Dia mo sholus a’s mo sláint’,
Cia chuirfeas mé a nguais?
’S é neart mo bheatha Dia na ndúl,
Cia chuirfeas me a gcrua’s.
2Mo naimhdhe, m’eascairde lucht uilc,
Tráth tháinic orm go bras:
Go gionach ag ith’ m’feóla suas,
Fuair tuisleadh thuit go cas.
3Gidh foslungfuid a’m’ aghuidh sluagh,
Ní’l eagal’ air mo chroidhe;
Gidh d’éirge cogadh a’m’ aghuidh fós,
Anso mo dhoigh ’s mo bhrígh.
4Aoinnidh is ionmhuin leam o Dhia,
Go minic iarruim é,
Bheith a’m’ chómhnuidhe air feadh mo raé,
A ttigh ’sa náras Dé.
Chum go bhfaicfinn féin go ró ghlan,
Maise Iehobha mhóir;
’S go bhfiosróchuinn ’s go bhfaghuinn sgéul,
’Na theampoll mar is cóir.
5Oir ghnidh m’folach a nám na hairc’,
Na phailliún dín do ghnídh;
A ndiomhaireacht a phailliún dhamh,
Air charruig cuirfigh mé.
6Ós cionn mo naimhde ta fa ccuairt,
’Nois tógthar suas mo cheann;
Glan iodhbairt áoibhneach uimesin
Da phailliún bearthar liom.
A’s seinnfigh me le moladh mór,
Oir cánfad fós go binn;
Ceól agus psalm ard do Dhia,
Air feadh mo rae ’s mo linn.
7Le guth mo bhéil tráth éighim riot,
Tabhar éisteacht dhamh, a Dhé;
Le hiocht dean trócaire orm a’s fóir,
Go gnáthach freagair mé.
8Iair m’aghuidh, tráth dubhairt tu leam,
An sin dubhairt m’anam riot;
T’aghuidh agus do ghnuis a Dhé,
Sin iarraim féin go hait.
9Na folluigh uaim do ghnuis a bhfeirg,
Na tréigse d’oglach féin;
’S tu mo chobhair a Dhia mo shláint’
Na fágsa me ’s na tréig.
10Tráth thréigeas m’athair me go tur,
’S mo mháthair fos m’aráon:
Do ghnidh an Ti’arna féín ann sin,
Mo thógbhail suas go cáoinn.
11A Dhia teaguisg dhamh do shlíghe féin,
A’s treóruigh me a Dhe;
Do bhrígh mo naimhde miorúnach,
Air chasáin díreach réidh.
12Do mhiorún m’eascáirde ro ghéur,
Na tabhair mise dhóibh:
Oir d’éirgidh ’m’aigh’ lucht fiadhnuis bréug,
As dream a bhrúchtas nimh.
13Rachfuigh mo mheisneach uile air ccúl,
Mun ccreidfinn maitheas Dé;
Go bhfaicfinn sin a ttír na mbeo,
Dom fhuasgladh an m’féidhm.
14Fuirigh go foighideach re Dia.
Glac chughad meisneach mhór;
Bheir se spionnadh a gcroidhe dhuit,
Fuirigh re Dia na glóir.
اکنون انتخاب شده:
Psalm 27: PSA1836
هایلایت
کپی
مقایسه
به اشتراک گذاشتن
می خواهید نکات برجسته خود را در همه دستگاه های خود ذخیره کنید؟ برای ورودثبت نام کنید یا اگر ثبت نام کرده اید وارد شوید
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836