Psalm 26
26
XXVI Psalm.
1Tabhuir ormsa breith ’Dhé na ndúl,
Am’ neimhchionta ghluaiseas féin;
Óir chuireas dochas maith a nDia,
Na sleamhnóchadh mo chéim.
2Dhia, spionn mo chroidhe a’s m’airne fós,
Ransuigh a’s teastigh me;
3Óir dhearcas air do cháoimhneas ghráidh;
Ghluaiseas ad fhírinn réidh.
4Le cuideacht dhiomhaóin ríamh níor shuigh,
Ni shiubhluim le lucht sáobh;
5Is beag orm coimhthional an uilc
’S ni shuidhim measg na mbáoth.
6A neimhchiontuibh nigh me mo lámh’
A’s cuairtfead th’altóir, ’Dhé;
7Go bhfoillséoghchuinn le moladh ard
Do mhiorbhuile go léir.
8Cómhnuidhe do thigh ghraidhios féin,
A Thighearna a’s a Dhé;
A’s d’ionad cómhnuidhe onórach
Is ro ionmhuin leam é.
9Le peacuidhibh, ta déanamh oilc,
Na cruinnigh m’anam bocht;
Na cuir mo bheatha na ccuideacht súd,
Ta togarach na locht.
10Da bhfuil an taimhleas mór ’na nglaic,
Duais bhratha na láimh dheis:
11Ach gluaisfead am neimhchiontuibh féin,
Ad’ thrócair sáor gan cheist.
12Na seasamh ta mo chos go beacht,
Air ionad chómh‐ard réidh’;
A’s aír measg choimhthional na náomh,
Beannóchad thusa Dhe.
اکنون انتخاب شده:
Psalm 26: PSA1836
هایلایت
کپی
مقایسه
به اشتراک گذاشتن
می خواهید نکات برجسته خود را در همه دستگاه های خود ذخیره کنید؟ برای ورودثبت نام کنید یا اگر ثبت نام کرده اید وارد شوید
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836