1
Colosaigh 3:13
An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012
ABN2012
Cuirigí suas le chéile agus cibé locht a bhíonn ag duine agaibh ar dhuine eile maithigí dá chéile é; faoi mar a mhaith an Tiarna daoibh, déanaigí-se mar an gcéanna.
مقایسه
Colosaigh 3:13 را جستجو کنید
2
Colosaigh 3:2
Bíodh bhur n-aire ar na nithe atá thuas agus ní ar na nithe atá ar talamh.
Colosaigh 3:2 را جستجو کنید
3
Colosaigh 3:23
Cibé rud a bhíonn sibh a dhéanamh, oibrígí le fonn faoi mar gur don Tiarna agus nach do dhaoine a bheadh sibh dá dhéanamh
Colosaigh 3:23 را جستجو کنید
4
Colosaigh 3:12
Dá bhrí sin, ós sibh-se an pobal tofa, pobal naofa muirneach Dé, cuirigí umaibh trua croí, cineáltas, uirísle, ceansacht agus foighne.
Colosaigh 3:12 را جستجو کنید
5
Colosaigh 3:16-17
Bíodh briathar Chríost ina chónaí faoi rath in bhur measc. Déanaigí a chéile a chomhairliú agus a theagasc le barr eagna. Canaigí sailm agus iomainn agus laoithe spioradálta in ómós do Dhia agus buíochas in bhur gcroí. Agus gach ní dá ndéanann sibh le briathar nó le gníomh, déanaigí an t-iomlán in ainm an Tiarna Íosa ag gabháil buíochais le Dia an tAthair tríd.
Colosaigh 3:16-17 را جستجو کنید
6
Colosaigh 3:14
Agus mar bharr ar gach ní acu sin cuirigí umaibh an grá mar is é a chuirfidh bail agus críoch ar an iomlán.
Colosaigh 3:14 را جستجو کنید
7
Colosaigh 3:1
Agus ós rud é go bhfuil sibh éirithe ó mhairbh mar aon le Críost, bíodh lorg agaibh ar na nithe atá thuas mar a bhfuil Críost ina shuí ar dheis Dé.
Colosaigh 3:1 را جستجو کنید
8
Colosaigh 3:15
Agus bíodh síocháin Chríost i réim in bhur gcroí mar is chun síocháin a bheith agaibh a glaodh sibh le chéile in aon chorp amháin. Agus bígí buíoch.
Colosaigh 3:15 را جستجو کنید
9
Colosaigh 3:5
Básaígí dá bhrí sin an taobh saolta díbh féin: an drúis, an neamhghlaine, an paisean, an ainmhian agus an tsaint úd nach bhfuil inti ach íoladhradh.
Colosaigh 3:5 را جستجو کنید
10
Colosaigh 3:3
Mar tá sibh tar éis bháis agus tá bhur mbeatha folaithe i nDia i bpáirt le Críost.
Colosaigh 3:3 را جستجو کنید
11
Colosaigh 3:8
Ach ní mór daoibh iad go léir a chaitheamh uaibh anois: caithigí uaibh an fhearg, an cuthach agus an mhailís; agus ná bíodh achasán ná caint ghraosta in bhur mbéal agaibh.
Colosaigh 3:8 را جستجو کنید
12
Colosaigh 3:9-10
Agus ná hinsígí bréaga dá chéile mar go bhfuil bhur sean-nádúr bainte díbh agaibh mar aon lena chuid gníomhartha agus nádúr nua curtha umaibh–nádúr a bhíonn dá shíor-nuachan ar dheilbh an té a chruthaigh é go dtí go mbeidh fíoraithne agaibh air.
Colosaigh 3:9-10 را جستجو کنید
13
Colosaigh 3:19
A fheara, bíodh grá agaibh do bhur mná agus gan a bheith garg leo.
Colosaigh 3:19 را جستجو کنید
14
Colosaigh 3:20
A leanaí, bígí umhal do bhur dtuismitheoirí i ngach ní mar is taitneamhach sin leis an Tiarna.
Colosaigh 3:20 را جستجو کنید
15
Colosaigh 3:18
A mhná, bígí faoi smacht bhur bhfear céile mar is dual sa Tiarna.
Colosaigh 3:18 را جستجو کنید