Agus thóg Íosa na builíní, dʼaltaigh, agus roinn iad ar na daoine agus iad ina suí; agus mar an gcéanna oiread agus a bʼáil leo de na héisc. Nuair a bhí siad sách, dúirt sé lena dheisceabail: “Bailígí an bruscar fuíligh chun nach rachadh aon ní amú.”