Salm 48
48
Cathair Naofa Dé
1 Amhrán. Salm chlann Chorach.
2Is éachtach an Tiarna agus is inmholta go mór é
i gcathair ár nDé.
3Is álainn an cnoc é a shliabh naofa,
áthas an domhain uile.
Is é Cnoc Shíón de leith an tuaiscirt
cathair an ArdRí.
4Chruthaigh Dia i lár a dúnta
bheith ina dhaingean sábháilte.
5Óir féach, chruinnigh na ríthe le chéile
gur ionsaigh siad in éineacht.
6Chuir a bhfaca siad anbhá agus alltacht orthu;
rinneadh stangairí díobh le neart mearbhaill.
7Tháinig crith cos is lámh orthu láithreach,
amhail tinneas clainne;
8mar a bheadh an ghaoth anoir ag milleadh
loingeas Thairsís.
9Mar a chualamar, is amhlaidh a chonaiceamar
i gcathair ár nDé;
i gcathair Thiarna na slua
a dhaingnigh Dia go deo.
10Déanaimid machnamh ar do bhuan-ghrá, a Dhia,
i gceartlár do theampaill.
11Leathann do mholadh, ar nós dʼainm, a Thiarna,
go críocha na cruinne.
Is lán do dheaslámh dʼfhíréantacht;
12gairdíonn Cnoc Shíón.
Tá áthas ar iníonacha Iúdá
de bharr do bhreithiúnais.
13Siúlaigí Síón agus triallaigí ina timpeall
comhairigí a túir.
14Breathnaígí a rampair chosanta;
scrúdaigí a dún-phoirt,
go n‑inseoidh sibh don ghlúin atá le teacht:
15is mar sin dár nDia.
Is é ár nDia é go brách na breithe
agus ár dtreoraí go deo.
Actualmente seleccionado:
Salm 48: ABN2012
Destacar
Compartir
Copiar
¿Quieres tener guardados todos tus destacados en todos tus dispositivos? Regístrate o inicia sesión
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.