Eagna 1
1
A Ghiúdacha
Lorgaigí an Fhíréantacht, Foinse na Neamhbhásmhaireachta
1A rialtóirí an domhain, bíodh grá agaibh don fhíréantacht;
bíodh an-mheas agaibh freisin ar an Tiarna
agus lorgaigí é le hintinn ghlan.
2Óir is iad na daoine nach mbaineann triail as
a fhaigheann é;
taispeánann sé é féin
do na daoine nach ndiúltaíonn creidiúint ann.
3Is iad na smaointe mímhacánta
a scarann an duine ó Dhia;
agus nuair a chuirtear féachaint ar a Uilechumhacht
bascann sí lucht na díchéille.
4Óir ní rachaidh an eagna isteach in anam cealgach,
ná ní dhéanfaidh sí cónaí
i gcorp atá faoi dhaorbhroid an pheaca.
5Teitheann spiorad naofa na dea-oiliúna ón gcamastaíl,
agus tugann sé a chúl le smaointe gan chiall,
agus baintear siar as le teacht na hurchóide.
6Spiorad daonnachtúil is ea an eagna
ach ní mhaithfidh sé a bhriathra don diamhaslóir.
Óir tá Dia ina fhinné ar na mianta is doimhne atá ann,
agus breathnaíonn sé a chroí go fírinneach
agus éisteann sé lena chuid cainte.
7Mar tá Spiorad an Tiarna
tar éis an domhan go léir a líonadh;
agus is eol dó siúd a choinníonn gach ní le chéile
an uile fhocal a labhraítear.
8Ar an ábhar sin ní fhanfaidh duine ar bith i bhfolach
a labhraíonn go héagórach,
agus nuair a thabharfaidh an chóir breithiúnas,
ní scaoilfidh sí thairsti é.
9Cuirfear fiafraí ghéar ar sheifteanna an duine aindiaga
agus tabharfar tuairisc do Dhia ar a bhriathra
chun go smachtófar é de dheasca a choireanna.
10Óir tá cluais chruinnaireach ag éisteacht le gach uile ní
agus níl cogarnaíl chnáimhseála ar bith a fhágfar faoi cheilt.
11Seachnaígí cnáimhseáil éadairbheach;
coinnigí bhur dteanga ón mbéadán;
óir an chaint a dhéantar faoi choim
ní rachaidh sí saor ó phionós,
agus milleann béal bréagach an t‑anam.
12Ná cuir thú féin i mbaol báis
trí dhul ar seachrán ó bhealach na beatha;
ná tarraing léirscrios anuas ort féin le do mhíghníomhartha.
13Mar níorbh é Dia a rinne an bás,
ná ní ábhar áthais dó bascadh na mbeo.
14Is amhlaidh a chruthaigh sé gach rud
chun go mairfeadh sé go deo.
Is folláin iad dúile an domhain;
níl aon nimh mharfach iontu,
ná níl aon tiarnas ag ifreann ar talamh.
15Is neamhbhásmhar í an fhíréantacht.
Drochdhaoine agus an Bás
16Ach ghlaoigh daoine aindiaga an bás chucu
lena ngníomhartha agus lena mbriathra araon.
Cheap siad gurbh é a gcara é
agus bhíodh siad ag meath le cumha ina dhiaidh;
rinne siad conradh leis,
ar is iad atá oiriúnach le bheith i bpáirt leis.
Currently Selected:
Eagna 1: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.