YouVersion Logo
Search Icon

Laoi na Laoithe 1

1
1Laoi na laoithe do Sholamh.
Ise
2Pógadh sé mé de phóga a bhéil
óir is fearr do ghrá ná fíon.
3Is maith é cumhracht d'ola,
ola dhoirte d'ainm
a d'fhág na cailíní i ngean leat.
4Tarraing i do dhiaidh mé, rithimis.
Tabhair isteach mé a rí, i do theach féin.
Tú ár n‑áthas, tú ár n‑aoibhneas.
Mórfaimid do ghrá thar fhíon.
Is ciallmhar iad an mhuintir a thug grá duit.
Ise
5Más dubh mé, is sciamhach,
a mhná Iarúsaileim;
mar bhotha céadair,
mar bhéalscátha Sholaimh.
6Ná féachaigí ar dhath mo chraicinn,
is amhlaidh a dhóigh an ghrian mé.
Mo dheartháireacha, a bhí anuas orm,
d'fhág i bhfeighil na bhfíonghort mé,
faoi deara faillí m'fhíonghoirt féin.
7Inis dom, a ghrá mo chroí,
Cá gcuireann tú do thréad ar féarach,
Cá gcuireann chun luí ó bhrothall an lae iad;
i dtreo nach gcaithfinn gabháil ag cuardach
trí thréada do chomharsana?
Mná Iarúsailéim
8Murab eol duit, a bhean thar mhná,
lean lorg na gcaorach;
cuir do mheannáin ar féarach
in aice bhoth na dtréadaithe.
Eisean
9Mo chapaill faoi charbad Fhorainn,
is mar sin liom tú, a chara.
10Is breá do ghruanna d'ainneoin fáinní cluas,
agus do mhuineál d'ainneoin muincí.
11Déanfaimid muince óir duit
agus cnaipí airgid inti.
Ise
12Nuair atá an rí [ag a bhord],
tá mo nard ag tabhairt a chumhrachta.
13Miorr cumhra liom mo ghrá
i sparán ar mo bhrollach.
14Gas coifir liom mo ghrá
as fíonghort Thobar Gheidí.
Eisean
15Nach álainn tú, a rún,
nach álainn!
do shúile is coilm iad.
Ise
16Nach álainn tú, a ghrá;
is aoibhinn go deimhin.
I lár dhuilliúr ár leapa.
Eisean
17Crann céadrais díon ár dtí,
adhmad píne ár dtroscán.

Currently Selected:

Laoi na Laoithe 1: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy