YouVersion Logo
Search Icon

Míocá 1

1
Teideal
1Briathar an Tiarna a labhraíodh le Míocá, an Móraisteach, in aimsir Iótám agus Áchaz agus Hiziciá, ríthe Iúdá, agus na físeanna a chonaic sé faoin tSamáir agus faoi Iarúsailéim.
Breith an Tiarna ar a Phobal
Daorbhreith ar an tSamáir
2Éistigí, a phobala uile;
cloisigí, a dhomhain agus a bhfuil ann.
Tá an Tiarna Dia le fianaise a thabhairt in bhur n‑aghaidh
nuair a bhuailfidh sé amach óna phálás naofa.
3Óir, féach, tá an Tiarna ag teacht amach as a áit chónaithe
agus anuas agus ag céimniú ar arda na cruinne.
4Tá na sléibhte á leá agus na gleannta á reabadh faoina chosa
mar chéir os comhair na tine
nó mar uisce a dhoirtear le fána ghéar.
5De dheasca choir Iacóib is ea a tharlaíonn sé seo go léir
de dheasca pheaca theaghlach Iosrael.
Agus céard é coir Iacóib?
Nach í an tSamáir í?
Agus céard é peaca theaghlach Iúdá?
Nach í Iarúsailéim í?
6Fothrach i lár páirce is ea a dhéanfaidh mé den tSamáir,
áit a chuirfear faoi fhíniúna.
Caithfidh mé clocha a foirgneamh síos sa ghleann
nó go nochtfar an bhunsraith.
7Brisfear a dealbha uile;
dófar a cuid ofrálacha go léir sa tine;
déanfaidh mé smidiríní dá híola uile.
Óir is le tuarastal striapachais a cruinníodh iad
agus déanfar tuarastal striapachais díobh arís.
Caoineadh
8Seo an fáth a ndéanfaidh mé ochlán agus olagón
agus a rachaidh mé cosnochta lom
agus a mbéicfidh mé ar nós na seacál
agus a gcaoinfidh mé mar na hostraisí.
9Níl luibh ná leigheas in aghaidh [buille an Tiarna],
óir d'aimsigh sé Iúdá
agus bhain sé amach geata mo phobail
agus tháinig sé fad le Iarúsailéim féin.
10Ná fógraígí é seo i nGat;
ná siligí deora [i mBáca];
déanaigí sibh féin a iomlasc sa deannach i mBéit Afrá!
11Séidigí an stoc,
a áitritheoirí Shaifír!
Ní bhogann áitritheoirí Zánán
amach as a mbaile.
Tá Béit Eizéil faoi bhrón;
tógfar uait gach taca.
12Conas is féidir le háitritheoirí Mhárót
bheith ag súil lena slánú;
mar tá an mí-ádh tar éis teacht anuas ón Tiarna
fad le geataí Iarúsailéim féin.
13Cuirigí na capaill mheara faoi na carbaid,
a áitritheoirí Láicís!
(Is é seo an chéad pheaca a rinne iníon Shíón;
óir bhí cionta Iosrael le fáil ionatsa.)
14Tá do dhiúltú tugtha duitse, a Mhóraisit Gat.
Tá tithe Aiczíb tar éis iompú amach
ina n‑ábhar meallta do ríthe Iosrael.
15Uair amháin eile tiocfaidh an gabhálaí chugaibh,
a áitritheoirí Mháraeiseá.
Scriosfar Adulám go deo
ar nós ghlóir Iosrael.
16Bearr thú féin agus lom do chuid gruaige
mar gheall ar do chlann mhac ionúin.
Déanaigí sibh féin chomh maol le badhbh;
óir imeoidh siad uait ar deoraíocht.

Currently Selected:

Míocá 1: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy