YouVersion Logo
Search Icon

Matha 2

2
Na Saoithe Anoir
1Nuair a bhí Íosa saolaithe i mBeithil Iúdáia in aimsir Héaróid rí, tháinig saoithe ón aird thoir go dtí Iarúsailéim 2ag fiafraí: “Cá bhfuil an leanbh seo atá saolaithe, Rí na nGiúdach? Mar chonaiceamar a réalta ag éirí, agus thángamar ag déanamh ómóis dó.” 3Nuair a chuala Héaród rí an méíd sin, bhí sé corraithe, agus Iarúsailéim go léir mar an gcéanna. 4Thionóil sé le chéile uachtaráin na sagart agus scríobhaithe an phobail, agus d'fhiafraigh díobh cén áit a raibh an Críost le saolú. 5D'inis siad dó: “I mBeithil Iúdáia: óir sin é atá sa scríbhinn ón bhfáidh:
6‘Thusa, a Bheithil, i dtalamh Iúdá,
níl tú baol ar an té is lú i measc prionsaí Iúdá,
óir is asat a thiocfaidh ceann urra
a bheidh ina aoire ar mo phobalsa, Iosrael.’ ”
7Ansin chuir Héaród fios ar na saoithe os íseal agus fuair tuairisc uathu ar an am a bhfacthas an réalta. 8Chuir sé go Beithil iad ansin agus dúirt: “Imígí agus cuirigí fiafraí ghéar ar an leanbh. Nuair a bhíonn sé faighte agaibh, cuirigí scéala chugam chun go rachainn féin ann ag déanamh ómóis dó.” 9Nuair a chuala siad caint an rí, d'imigh siad leo. Agus an réalta, a bhí feicthe acu roimhe sin ag éirí, ghluais sí rompu go dtí gur stad sí os cionn na háite ina raibh an leanbh. 10Nuair a chonaic siad an réalta, bhí áthas an-mhór orthu. 11Agus ar dhul isteach sa teach dóibh, chonaic siad an leanbh le Muire a mháthair, agus d'umhlaigh siad go talamh ag déanamh ómóis dó. Agus d'oscail siad a gcistí agus d'ofráil siad tabhartais dó, ór agus túis agus miorra. 12Agus ó fuair siad foilsiú i mbrionglóid gan dul ar ais go dtí Héaród, ghabh siad bóthar eile abhaile chun a dtíre féin.
An Teitheadh don Éigipt -- Marú na Neamhchiontach
13Nuair a bhí siad imithe, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin i mbrionglóid do Iósaef agus dúirt: “Éirigh i do shuí, beir leat an leanbh agus a mháthair, agus teith don Éigipt, agus fan ann go n‑insí mé duit, mar beidh Héaród ar thóir an linbh chun a mharaithe.” 14Dhúisigh Iósaef agus d'éirigh, rug leis an leanbh agus a mháthair san oíche agus chuaigh don Éigipt, 15agus is ann a bhí sé go bhfuair Héaród bás: chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd an bhfáidh: “As an Éigipt a ghlaoigh mé mo Mhac.”
16Ansin, nuair a chonaic Héaród go raibh na saoithe tar éis cleas a imirt air, tháinig fearg mhór air, agus chuir sé ordú amach na páistí uile a mharú i mBeithil agus sa chomharsanacht a bhí dhá bhliain nó níos lú, de réir tuairisc an ama a fuair sé ó na saoithe. 17An uair sin a comhlíonadh a ndúradh trí Irimia fáidh:
18“Chualathas glór i Rámá
caoi agus iomad olagóin:
Rachael ag caoineadh a clainne,
agus nárbh áil léi sólás a ghlacadh
mar nach bhfuil siad ann níos mó.”
Filleadh go Nazarat
19Nuair a fuair Héaród bás, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin i mbrionglóid do Iósaef san Éigipt 20agus dúirt: “Éirigh i do shuí, beir leat an leanbh agus a mháthair agus imigh go tír Iosrael, óir, an dream a bhí ar thóir anam an linbh, tá siad marbh.” 21Dhúisigh Iósaef agus d'éirigh, rug leis an leanbh agus a mháthair agus chuaigh go tír Iosrael. 22Chuala sé, áfach, go raibh Archalás ina rí ar Iúdáia in áit Héaróid a athair, agus bhí eagla air dul ann, ach tar éis dó foilsiú a fháil i mbrionglóid, chuaigh sé go dtí ceantar na Gailíle 23agus chuir faoi i mbaile ar a dtugtar Nazarat; chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí na fáithe: “Tabharfar Nazórach air.”

Currently Selected:

Matha 2: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy