YouVersion Logo
Search Icon

Matha 11

11
1Ansin, nuair a bhí deireadh na rialacha sin tugtha ag Íosa dá dháréag deisceabal, d'fhág sé an áit sin chun dul ag teagasc agus ag seanmóir ina gcathracha.
Teachtairí ó Eoin Baiste
2Chuala Eoin, agus é i bpríosún, iomrá faoi oibreacha Chríost, agus chuir sé scéala chuige trína dheisceabail féin, 3á rá leis: “An tú an té atá le teacht nó an ceart dúinn bheith ag súil le duine eile?” 4Dúirt Íosa leo á bhfreagairt: “Imígí agus insígí d'Eoin a bhfuil á chloisteáil agus a fheiceáil agaibh: 5tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin, éiríonn na mairbh agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht. 6Is méanar don té nach ceap tuisle dó mise.”
Eoin á Mholadh: Díchreidmhigh á gCáineadh
7Le linn dóibh seo bheith ag imeacht, thosaigh Íosa ag caint leis na sluaite faoi Eoin: “Cad a chuaigh sibh amach faoin bhfásach a fheiceáil? Giolcach á suaitheadh ag an ngaoth? 8Ach cad a chuaigh sibh amach a fheiceáil? Duine a bhí cóirithe go mín? Iad seo a mbíonn éadaí míne orthu, is i dtithe na ríthe atá siad. 9Ach cad a thug amach sibh? Chun fáidh a fheiceáil? Sea, deirim libh, agus duine ba mhó ná fáidh. 10Is é seo an té a bhfuil scríofa mar gheall air:
‘Féach, cuirim mo theachtaire romhat
a réiteoidh do bhóthar faoi do chomhair.’
11“Deirim libh go fírinneach, níor éirigh ar shliocht na mban duine ba mhó ná Eoin Baiste; ach an té is lú i ríocht na bhflaitheas, is mó é ná eisean. 12Ó laethanta Eoin Baiste go dtí anois tá foréigean á dhéanamh ar ríocht na bhflaitheas agus fuadaíonn lucht an fhoréigin leo í. 13Óir, na fáithe uile, agus an dlí freisin, thug siad a dtairngreacht chomh fada le hEoin, 14agus mura miste libh mé a chreidiúint ann, is é an tÉilias a bhí le teacht é. 15An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé!
16“Ach cad leis a gcuirfidh mé an ghlúin seo i gcomparáid? Tá sí cosúil leis na leanaí a bhíonn ina suí sna háiteanna margaidh agus iad ag glaoch chun a gcomrádaithe 17á rá:
‘Rinneamar píobaireacht daoibh ach ní dhearna sibh rince;
rinneamar caoineadh, ach níor bhuail sibh bhur n‑ucht.’
18“Mar tháinig Eoin agus ní raibh sé ag ithe ná ag ól, agus deir siad: ‘Tá deamhan ann.’ 19Tháinig Mac an Duine agus bíonn sé ag ithe agus ag ól, agus deir siad: ‘Féach, fear craois agus póite, cara do phoibleacánaigh agus do pheacaigh.’ Agus fuair an eagna a ceart as a hoibreacha féin.”
Na Cathracha nár Chreid
20Thosaigh sé ansin ag tabhairt achasáin do na cathracha ina ndearnadh an chuid is mó dá mhíorúiltí, i dtaobh nach ndearna siad aithrí: 21“Is mairg duit, a Chorazaín! is mairg duitse, a Bhéatsáidean! Óir, dá mba sa Tuíre agus i Síodón a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionaibhse, is fadó a bheadh aithrí déanta acu faoi éadach saic agus faoi luaithreach. 22Ach deirim libh, is saoire a bheidh ag an Tuír agus ag Síodón lá an bhreithiúnais ná agaibhse. 23Agus tusa, a Chafarnáum, an ardófar chun flaithiúnais thú? Síos go hifreann a theilgfear thú! óir, dá mba i Sodom a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionatsa, bheadh sí ann go dtí an lá inniu. 24Ach deirim libh, is saoire a bheidh ag talamh Shodom lá an bhreithiúnais ná agatsa.”
An Soiscéal á Fhoilsiú do Lucht na hUirísle
25San am sin labhair Íosa agus dúirt: “Tugaim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar a cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d'fhoilsigh tú do naíonáin iad. 26Sea, a Athair, óir is amhlaidh sin ba mhaith leat é. 27Tá gach aon ní tugtha domsa ag m'Athair. Agus níl aithne ag aon neach ar an Mac ach amháin ag an Athair, ná níl aithne ag aon neach ar an Athair ach amháin ag an Mac agus an té ar toil leis an Mac a fhoilsiú dó.
28“Tagaigí chugam, sibhse uile a bhfuil saothar agus tromualach oraibh, agus tabharfaidh mé faoiseamh daoibh. 29Tógaigí oraibh mo chuing agus tagaigí ar scoil chugamsa, mar táim ceansa uiríseal ó chroí, agus gheobhaidh sibh faoiseamh do bhur n‑anamacha; 30óir tá mo chuing so-iompair agus m'ualach éadrom.”

Currently Selected:

Matha 11: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy