Versions

Cancel
 
24
An Tuama Folamh: An Dá Aingeal
1An chéad lá den tseachtain, go lánmhoch ar maidin, tháinig siad go dtí an tuama agus na spíosraí acu a bhí ullmhaithe acu. 2Fuair siad an chloch iompaithe siar ón tuama; 3ach ar dhul isteach ann dóibh, ní bhfuair siad corp an Tiarna Íosa. 4Bhí ceist orthu faoin méid sin, ach lena linn sin bhí beirt fhear ansiúd láimh leo agus éadach dealraitheach orthu. 5Ghlac na mná bíogadh agus chrom siad a gceann chun na talún, agus dúirt siadsan leo: “Cad a bheir daoibh a bheith ar lorg an bheo i measc na marbh? 6Níl sé anseo: tá sé éirithe. Tugaigí chun cuimhne mar a labhair sé libh agus é fós sa Ghailíl, 7mar a dúirt nárbh fholáir Mac an Duine a thabhairt ar láimh do pheacaigh, agus é a chéasadh, agus é a éirí an treas lá.” 8Agus tháinig a bhriathra chun a gcuimhne. 9Ar theacht ar ais dóibh ón tuama, d'inis siad an méid sin uile don aon duine déag agus don chuid eile go léir. 10Ba iad siúd, Máire Mhaigdiléana, agus Ióanna, agus Máire máthair Shéamais. Na mná eile a bhí leo, dúirt siadsan freisin an méid sin leis na haspail. 11Ach samhlaíodh dóibh sin nach raibh sna ráite úd ach seafóid agus níor chreid siad iad. 12Chuir Peadar chun siúil, áfach, agus rith sé go dtí an tuama, agus ar chromadh síos dó, ní raibh le feiceáil aige ach na héadaí lín, agus d'imigh abhaile agus é lán d'ionadh faoin rud a tharla.
An Bheirt Deisceabal ag dul go hEamáus
13Agus an lá sin féin, bhí beirt acu ag dul go dtí baile darbh ainm Eamáus a bhí céad staid seascad ó Iarúsailéim, 14agus bhí siad ag comhrá le chéile faoi na nithe seo uile a bhí tar éis titim amach. 15Agus sa chomhrá dóibh agus sa chur trí chéile, dhruid Íosa féin leo agus shiúil lena gcois; 16ach bhí a súile coinnithe chun nach n‑aithneoidís é. 17Dúirt sé leo: “Cad iad na scéala iad seo atá sibh a reic le chéile sa tslí?” Agus stad siad suas agus iad go gruama. 18Dúirt duine acu leis á fhreagairt - Cleopas ab ainm dó: “An tusa an t‑aon duine amháin atá ag cur fút in Iarúsailéim atá in ainbhios ar na nithe a tharla ann sna laethanta seo?” 19Dúirt sé leo: “Cad iad na nithe?” Dúirt siad leis: “Mar gheall ar Íosa - Nazairéanach, duine a bhí ina fháidh éifeachtach ó ghníomh agus ó bhriathar i bhfianaise Dé agus an phobail uile; 20mar a thug ár n‑ardsagairt agus ár gcinn urra ar láimh é lena dhaoradh chun báis, agus mar a chéas siad é. 21Agus sinne ag súil leis gurbh eisean a bhí chun Iosrael a fhuascailt! Ach chomh maith leis an méid sin uile, tá an treas lá inniu ann ó thit na nithe sin amach. 22Agus go deimhin, tá mná dár muintir tar éis alltacht a chur orainn. Ar dhul go dtí an tuama dóibh go moch ar maidin, 23nuair nach raibh a chorp le fáil acu ann, tháinig siad agus scéala acu, fiú amháin, gur thaispeáin aingil iad féin dóibh a dúirt go bhfuil sé beo. 24Chuaigh cuid dár gcompánaigh go dtí an tuama ansin, agus fuair gurbh amhlaidh a bhí mar a dúirt na mná, ach ní fhaca siad é féin.”
25Ansin dúirt sé féin leo: “A dhaoine gan tuiscint atá dúr ó chroí chun a bhfuil ráite ag na fáithe a chreidiúint! 26Nárbh fholáir go bhfulaingeodh an Críost na nithe úd chun go dtiocfadh sé isteach ina ghlóir?” 27Agus ag tosú dó ó Mhaois agus ó na fáithe uile, mhínigh sé dóibh na nithe a bhí sna scrioptúir uile mar gheall air féin. 28Nuair a bhí siad i ngar don bhaile ar a raibh a dtriall, bhí de chuma air féin go raibh sé ag dul níos faide, 29agus rinne siad tathant air á rá: “Fan againn, óir tá sé i mbéal tráthnóna agus an lá siar síos cheana féin.” Chuaigh sé isteach dá réir sin chun fanacht acu. 30Agus ansin, nuair a bhí sé ag bord in éineacht leo, thóg sé an t‑arán agus bheannaigh, bhris sé ansin agus thug dóibh é. 31Osclaíodh a súile agus d'aithin siad é; ach chuaigh sé ar neamhní uathu. 32Agus dúirt siad le chéile: “Nach raibh ár gcroí ar lasadh ionainn le linn dó bheith ag labhairt linn feadh na slí, agus é ag nochtadh na scrioptúr dúinn?” 33Chuir siad chun bóthair an uair sin féin agus chuaigh ar ais go Iarúsailéim. Fuair siad an t‑aon duine déag agus a gcompánaigh bailithe le chéile 34agus é de scéal acu: “Tá an Tiarna éirithe go deimhin agus chonacthas do Shíomón é.” 35Agus rinne siad féin ar tharla sa tslí a aithris, agus mar a d'aithin siad é i mbriseadh an aráin.
Feictear Íosa do na hAspail
36Le linn na cainte sin dóibh, sheas sé féin ina measc agus dúirt leo: “Síocháin daoibh!” 37Ghlac siad scéin agus uamhan, á mheas gur ag féachaint ar spiorad a bhí siad. 38Ach dúirt sé leo: “Cad é an scanradh atá oraibh, agus cad chuige a bhfuil ceisteanna ag teacht in bhur gcroí! 39Féachaigí mo lámha agus mo chosa, gur mé féin atá ann. Láimhseálaigí mé, agus tuigigí nach mbíonn feoil ná cnámha ag spiorad mar a fheiceann sibh atá agamsa.” 40Á rá sin dó, thaispeáin sé dóibh a lámha agus a chosa. 41Agus ó bhí siad gan a chreidiúint fós le barr áthais, agus iad ag déanamh ionadh de, dúirt sé leo: “An bhfuil rud ar bith anseo agaibh a d'íosfaí?” 42Thug siad blúire d'iasc rósta dó. 43Ghlac sé é agus d'ith ina láthair é.
An Teagasc Deireanach
44Ansin dúirt sé leo: “Is iad seo na focail a labhair mé libh agus mé fós in bhur gcuideachta: ‘Ní foláir na nithe uile a chomhlíonadh atá scríofa mar gheall orm i ndlí Mhaois agus sna fáithe agus sna sailm.’ ” 45Ansin d'oscail sé a n‑aigne chun go dtuigfidís na scrioptúir, 46agus dúirt sé leo: “Is amhlaidh sin atá scríofa, go bhfulaingeodh an Críost agus go n‑éireodh sé ó mhairbh an treas lá, 47agus go mbeadh aithrí agus maithiúnas peacaí á bhfógairt ina ainm do na náisiúin uile, ag tosú ó Iarúsailéim. 48Is finnéithe sibhse ar na nithe seo. 49Agus táim féin, féach, chun a chur uaim anuas oraibh an ní a gealladh ag m'Athair. Ach fanaigí sibhse sa chathair nó go ngléasfar sibh i gcumhacht ó uachtar neimhe.”
An Deascabháil
50Ansin sheol sé amach iad chomh fada le Béatáine, agus ag ardú a lámh dó, bheannaigh iad. 51Agus le linn dó iad a bheannú, scar sé leo agus tógadh suas ar neamh é. 52Agus tar éis dóibh umhlú dó, chuaigh siad ar ais go Iarúsailéim agus áthas mór orthu, 53agus bhídís sa Teampall de ghnáth ag moladh agus ag beannú Dé.