YouVersion Logo
Search Icon

Lúcás 22

22
An Chomhcheilg - Feall Iúdáis
1Bhí féile an tSlimaráin, ar a dtugtar an Cháisc, in achmaireacht. 2Agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag féachaint conas a chuirfidís de dhroim na slí é, óir bhí eagla an phobail orthu. 3Ach chuaigh Sátan isteach in Iúdás ar a nglaotar Isceiriót, a bhí ar uimhir an dáréag. 4D'imigh sé mar sin ag déanamh cainte le huachtaráin na sagart agus leis na captaein féachaint conas a thabharfadh sé ar láimh dóibh é. 5Agus bhí áthas orthu, agus rinne siad réiteach leis airgead a thabhairt dó. 6Thug sé a gheall, agus bhí ag faire ar a dheis chun é a thabhairt ar láimh dóibh i leith ón slua.
Ullmhú don Cháisc
7Tháinig lá an tSlimaráin nuair nárbh fholáir an cháisc a íobairt. 8Chuir sé uaidh Peadar agus Eoin: “Imígí,” ar seisean, “agus ullmhaígí dúinn an cháisc go n‑ithimid í.” 9Dúirt siad leis: “Cárbh áil leat go n‑ullmhóimis í?” 10Dúirt sé leo: “Ag dul isteach sa chathair daoibh, féach, beidh duine ag teacht faoi bhur ndéin agus próca uisce aige á bhreith leis. Leanaigí isteach é sa teach ina mbíonn sé ag dul, 11agus abraigí le fear an tí: ‘Dúirt an Máistir a rá leat: Cá bhfuil an seomra aíochta go n‑ithinn an cháisc ann in éineacht le mo dheisceabail?’ 12Agus taispeánfaidh sé daoibh seomra in airde staighre agus feisteas mar is cóir air; déanaigí an réiteach ansiúd.” 13D'imigh siad agus fuair siad de réir mar a bhí ráite aige leo, agus d'ullmhaigh an cháisc.
Bunú na Naomh-Shacraiminte
14Nuair a tháinig an uair, lig sé faoi ag bord agus na haspail mar aon leis. 15Agus dúirt sé leo: “Ba mhór ba mhian liom an cháisc seo a ithe in éineacht libh roimh fhulaingt dom; 16óir deirim libh, ní íosfaidh mé go deo arís í nó go mbeidh a comhlíonadh ann i ríocht Dé.” 17Agus ghlac sé cupa, agus ar altú dó dúirt: “Tógaigí é seo agus roinnigí eadraibh é; 18óir deirim libh, ní ólfaidh mé as seo amach de shú na fíniúna nó go mbeidh ríocht Dé tagtha.” 19Ansin, thóg sé arán, agus ar altú dó, bhris, agus thug dóibh é ag rá: “Is é seo mo chorp atá le tabhairt ar bhur son. Déanaigí é seo mar chuimhne orm.” 20Agus mar an gcéanna an cupa, tar éis na proinne, ag rá: “Is é an cupa seo an tiomna nua i m'fhuil atá le doirteadh ar bhur son. 21Féach, áfach: tá lámh fhear mo bhraite in éineacht liom ag an mbord. 22Go deimhin tá a bhealach féin le siúl ag Mac an Duine de réir mar atá i ndán, ach is mairg don duine úd trína mbraitear é.” 23Agus thosaigh siad ag fiafraí dá chéile cén duine acu a bhí chun é seo a dhéanamh.
Cé hÉ is Mó?
24D'éirigh imreas eatarthu freisin féachaint cén duine acu ba mhó le háireamh. 25Dúirt sé leo: “Ríthe na náisiún, bíonn siad ag rialúchán orthu, agus iad seo a mbíonn údarás acu os a gcionn, tíolaiceoirí a ghlaoitear orthu. 26Ach nárab amhlaidh sin daoibhse, ach an té is mó eadraibh, bíodh ar nós an té is óige, agus an té atá ina cheann, ar nós an fhir freastail. 27Cé acu is mó dáiríre, an té a bhíonn ag bord nó an té a bhíonn ag freastal? Nach é an té a bhíonn ag bord? Ach táimse in bhur measc ar nós an té a bhíonn ag freastal. 28Is sibhse an mhuintir a sheas go buan liom i mo thrialacha; 29agus tá ríocht agam á dáil oraibh, de réir mar dháil m'Athair orm féin í: 30ionas go mbeidh sibh ag ithe agus ag ól ag mo bhord i mo ríocht, agus bheith in bhur suí i ríchathaoireacha ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Iosrael.
Peadar ag Daingniú na mBráithre
31“A Shíomóin, a Shíomóin, féach, fuair Sátan mar aisce sibh a chriathradh ar nós an arbhair; 32ach táim tar éis guí ar do shonsa chun nach gclisfeadh do chreideamh; agus, ón uair amháin a bheidh tú féin iompaithe, déan daingean do bhráithre.” 33Dúirt seisean leis: “A Thiarna, táim ullamh ar dhul leatsa chun príosúin agus fós chun báis.” 34Ach dúirt sé: “Deirim leat, a Pheadair, ní ghlaofaidh an coileach inniu nó go mbeidh tusa tar éis a shéanadh faoi thrí go bhfuil aon aithne agat orm.” 35Dúirt sé leo ansin: “Nuair a chuir mé uaim sibh gan sparán gan tiachóg gan cuaráin, an raibh easnamh ar bith oraibh?” 36Dúirt siad: “Ní raibh.” Dúirt sé leo: “Anois, áfach, an té a mbíonn sparán aige, beireadh sé leis é, agus an té a mbíonn tiachóg aige mar an gcéanna; an té fós, nach mbíonn claíomh aige, díoladh sé a bhrat chun ceann a cheannach. 37Óir deirim libh, an rud úd atá scríofa, ní foláir é a theacht chun críche ionamsa: ‘Cuireadh ar aon bhuíon leis na mallaitheoirí é.’ Go deimhin féin, tá mo chúrsaí uile ag druidim chun deiridh.” 38Dúirt siad: “A Thiarna, féach, tá dhá chlaíomh anseo.” Dúirt sé leo: “Is leor.”
An Ghuí i gCnoc na nOlóg: An tAllas Fola
39Ar dhul amach dó, chuaigh sé, mar ba ghnáthbhéas dó, go Cnoc na nOlóg. Na deisceabail freisin lean siad é. 40Agus ar shroicheadh na háite dó, dúirt sé leo: “Bígí ag guí gan sibh a dhul i gcathú.” 41Agus chuaigh sé i leataoibh uathu mar a bheadh fad urchar cloiche, 42agus ag teacht ar a ghlúine dó, thosaigh sé ag guí: “A Athair,” deireadh sé, “más toil leat é, tóg uaim an cupa seo; ach nárab í mo thoilse a dhéanfar ach do thoilse.” 43Agus chonacthas aingeal ó neamh dó á neartú. 44Ó bhí sé in anbhroid, ba dhéinide é ag guí; agus bhí a chuid allais mar a bheadh braonta ramhra fola ag sileadh go talamh. 45Ar éirí ina sheasamh dó ón nguí, tháinig sé chun na ndeisceabal agus fuair ina gcodladh iad le barr dobróin, 46agus dúirt sé leo: “Cad a bheir in bhur gcodladh sibh? Éirígí agus guígí, le heagla go rachadh sibh i gcathú.”
Íosa á Ghabháil
47Le linn dó bheith ag caint, tháinig slua; agus bhí, ag siúl rompu amach, an fear ar a dtugtaí Iúdás, duine den dáréag, agus dhruid sé sin isteach le Íosa chun é a phógadh. 48Dúirt Íosa leis: “A Iúdáis, an le póg a bhraitheann tú Mac an Duine?” 49Nuair a chonaic a mhuintir cad a bhí chucu, dúirt siad: “A Thiarna, an mbuailfimid buille chlaíomh?” 50Agus bhuail duine acu seirbhíseach an ardsagairt agus bhain sé an chluas dheas de. 51Labhair Íosa agus dúirt: “Ligigí dóibh; is leor an méid sin,” agus bhain sé leis an gcluais agus rinne slán í. 52Ansin dúirt Íosa leo sin a bhí tagtha ina choinne, uachtaráin na sagart agus captaein an Teampaill agus seanóirí: “An amhlaidh is robálaí mé gur tháinig sibh amach i mo choinne le claimhte agus le bataí? 53Nuair a bhínn in éineacht libh gach lá sa Teampall, níor leag sibh lámh orm. Ach is í bhur n‑uairse í seo, agus cumhacht an dorchadais.”
Séanann Peadar Críost faoi Thrí
54Tar éis dóibh é a ghabháil, sheol siad leo é agus thug isteach i dteach an ardsagairt é. Bhí Peadar á leanúint i bhfad siar. 55Ansin, nuair a bhí an tine ar lasadh acu i lár na cúirte, agus iad ina suí síos le chéile, shuigh Peadar ina dhuine eatarthu. 56Chonaic cailín aimsire ina shuí sa solas é, agus tar éis di féachaint go caol air, dúirt: “Bhí sé seo freisin ina chuideachta siúd.” 57Ach shéan seisean é á rá: Níl aithne agam air, a bhean!” 58I gcionn tamaill bhig, chonaic duine eile é agus dúirt: “Is duine díobh sin tusa freisin.” Ach dúirt Peadar: “Ní hea, a dhuine!” 59Agus i gcionn timpeall aon uaire amháin, dhearbhaigh duine eile á rá: “Is cinnte go raibh sé seo freisin in éineacht leis siúd, agus, rud eile de, is Gailíleach é.” 60Ach dúirt Peadar: “Níl a fhios agam cad tá tú a rá, a dhuine!” Agus ar an mball, le linn dó bheith ag caint, ghlaoigh an coileach. 61Agus d'iompaigh an Tiarna agus bhreathnaigh ar Pheadar. Chuimhnigh Peadar ansin ar bhriathar an Tiarna, mar a dúirt sé leis: “Roimh ghlaoch don choileach inniu, séanfaidh tú mé faoi thrí.” 62Agus chuaigh sé amach agus ghoil go goirt.
Íosa ina Cheap Magaidh
63Ansin, na fir a raibh sé i ngéibheann acu, bhí siad ag fonóid faoi agus á bhualadh; 64agus chuiridís dallóg air agus d'fhiafraídís de: “Tairngir! cé hé sin a bhuail thú?” 65Agus dúirt siad mórán nithe eile ina aghaidh, á dhiamhaslú.
Íosa i Láthair na Comhairle
66Nuair a bhí sé ina lá, chruinnigh comhairle sheanóirí an phobail le chéile - uachtaráin na sagart agus scríobhaithe. Sheol siad i láthair a n‑ardchomhairle é. 67“Más tú an Críost,” ar siad, “abair linn é.” Dúirt sé leo: “Má deirim libh é, ní chreidfidh sibh; 68agus má chuirim ceist oraibh, ní fhreagróidh sibh. 69Amach anseo, áfach, beidh Mac an Duine ina shuí ar dheis chumhachta Dé.” 70Dúirt siad uile: “An tú, dá bhrí sin, Mac Dé?” Dúirt sé leo: “Deir sibh féin é: is mé.” 71“Cad is gá dúinn a thuilleadh fianaise?” ar siadsan, “óir chualamar féin as a bhéal féin é.”

Currently Selected:

Lúcás 22: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy