YouVersion Logo
Search Icon

Eoin 5

5
Leigheas ar an tSabóid
1Ina dhiaidh sin tharla féile de chuid na nGiúdach agus chuaigh Íosa suas go Iarúsailéim. 2Tá in Iarúsailéim, ag Geata na gCaorach, linn ar a dtugtar Béatsata san Eabhrais, agus ag a bhfuil cúig cholúnáid. 3Iontusan sin bhí slua mór de dhaoine tinne - daill agus bacaigh agus pairilísigh ina luí (ag feitheamh le corraí an uisce. 4Mar thagadh aingeal an Tiarna anuas ar uaire sa linn agus chorraíodh sé an t‑uisce. An chéad duine isteach sa linn tar éis chorraí an uisce, leigheastaí é ó cibé galar a bhíodh air). 5Bhí aon duine amháin ann agus a ghalar air le hocht mbliana déag ar fhichid. 6Nuair a chonaic Íosa an duine seo ina luí ansiúd agus a fhios aige go raibh mórán ama caite aige ann, dúirt sé leis: “Ar mhaith leat go ndéanfaí slán thú?” 7“A dhuine uasail,” arsa an t‑easlán leis á fhreagairt, “níl aon duine agam chun mé a chur isteach sa linn nuair a chorraítear an t‑uisce; fad a bhím ag teacht, téann duine eile síos romham.” 8Dúirt Íosa leis: “Éirigh, tóg do shráideog agus siúil.” 9Leigheasadh an duine láithreach, thóg sé a shráideog agus shiúil leis.
10Bhí an tsabóid ann an lá sin más ea. Chrom na Giúdaigh dá bhrí sin ar a rá leis an té a leigheasadh: “Tá sé ina shabóid, agus ní ceadmhach duit do shráideog a iompar.” 11D'fhreagair sé iad: “An té a rinne slán mé, dúirt sé liom: ‘Tóg do shráideog agus siúil.’ ” 12D'fhiafraigh siad de ansin: “Cé hé an duine a dúirt leat: ‘Tóg do shráideog agus siúil’?” 13Ach ní raibh a fhios ag an té a leigheasadh cérbh é, mar bhí Íosa imithe i leataobh ón slua a bhí cruinnithe san áit. 14Fuair Íosa ina dhiaidh sin é sa Teampall agus dúirt leis: “Féach, tá tú leigheasta. Ná déan peaca feasta le heagla go mbainfeadh rud éigin níos measa duit.” 15D'imigh an duine agus d'inis sé do na Giúdaigh gurbh é Íosa a leigheas é. 16Is dá bharrsan a bhí na Giúdaigh ag géarleanúint ar Íosa mar go ndearna sé na nithe seo ar an tsabóid. 17Is é freagra a thug Íosa orthu: “Tá m'Athair ag obair anois, agus riamh, agus táimse ag obair chomh maith.” 18Ba mhóide sin mar ba mhian leis na Giúdaigh é chur chun báis, mar níorbh é amháin go mbíodh sé ag briseadh na sabóide ach ag tabhairt a athair féin ar Dhia, á chur féin ar aon chéim le Dia. 19Thug Íosa freagra:
“Amen, Amen, a deirim libh,
ní féidir don Mhac aon ní a dhéanamh uaidh féin
mura bhfeiceann sé ní éigin á dhéanamh ag a Athair.
Cibé nithe a dhéanann an tAthair,
déanann an Mac iad ar an gcuma chéanna.
20Óir tá cion ag an Athair ar an Mac
agus taispeánann sé dó a ndéanann sé féin,
agus taispeánfaidh sé dó oibreacha is mó ná iad seo
i dtreo go mbeidh ionadh oraibhse.
21Óir faoi mar a thógann an tAthair na mairbh
agus iad a dhéanamh beo,
mar an gcéanna déanann an Mac beo
an mhuintir is toil leis;
22mar ní thugann an tAthair breith ar aon duine
ach thug sé an uile bhreith dá Mhac,
23i dtreo go dtabharfadh cách onóir don Mhac,
mar a thugann siad don Athair.
An té nach dtugann onóir don Mhac
ní thugann sé onóir don Athair a chuir uaidh é.
24Amen, Amen, a deirim libh,
an té a éisteann le mo bhriathar,
agus a chreideann an té a chuir uaidh mé,
tá an bheatha shíoraí aige;
ní thagann sé chun breithiúnais,
ach tá sé dulta ó bhás go beatha.
25Amen, Amen, a deirim libh,
tá an uair ag teacht - tá sí ann cheana -
nuair a chluinfidh na mairbh glór Mhac Dé
agus iad seo a chluinfidh, mairfidh siad.
26Óir faoi mar atá beatha ag an Athair ann féin,
thug sé don Mhac mar an gcéanna
beatha a bheith ann féin aige,
27agus thug sé údarás dó
breithiúnas a dhéanamh
de bhrí gurb é Mac an Duine é.
28Ná déanaigí ionadh den mhéid sin,
óir tá an uair ag teacht,
a gcluinfidh a bhfuil sna tuamaí
glór Mhac Dé,
29agus tiocfaidh siad amach -
iad seo a rinne an mhaith
chun aiséirí na beatha,
agus iad seo a rinne an t‑olc
chun aiséirí an bhreithiúnais.
30Ní féidir domsa aon ní a dhéanamh uaim féin.
De réir mar a chluinim is ea a thugaim breithiúnas
agus is cóir í mo bhreith,
óir ní hí mo thoil féin a shantaím
ach toil an té a chuir uaidh mé.
31Dá dtabharfainn fianaise orm féin
ní bheadh m'fhianaise iontaofa.
32Tá neach eile ann a thugann fianaise orm,
agus tá a fhios agam gur iontaofa an fhianaise
a thugann sé orm.
33Chuir sibh teachtairí ag triall ar Eoin
agus thug sé fianaise ar an bhfírinne.
34Ní hé go nglacaimse fianaise ó dhaoine,
ach tá na nithe seo á rá agam chun go slanófaí sibh.
35Lóchrann ar lasadh agus ag taitneamh a ba ea é siúd,
agus níor mhiste libhse ar feadh tamaill
áthas a fháil ina sholas.
36Ach tá fianaise agamsa is mó ná fianaise Eoin.
Óir na hoibreacha a thug m'Athair dom le cur i gcrích,
na hoibreacha sin féin a dhéanaim,
tugann siad fianaise gur chuir an tAthair uaidh mé.
37An tAthair féin a chuir uaidh mé,
thug sé fianaise orm.
Níor chuala sibh riamh a ghuth
ná ní fhaca sibh a dheilbh,
38agus níl a bhriathar agaibh ag lonnú ionaibh,
mar ní chreideann sibh sa té a chuir seisean uaidh.
39Déanann sibh na scrioptúir a spiúnadh
mar gur dóigh libh go bhfuil
an bheatha shíoraí agaibh iontu:
agus is iadsan atá ag tabhairt fianaise i mo thaobhsa,
40ach ní áil libh teacht chugam i dtreo go mbeadh beatha agaibh.
41Ní ghabhaim glóir ó dhaoine.
42Ach tá aithne agam oraibh,
nach bhfuil grá Dé agaibh ionaibh.
43Tháinig mise in ainm m'Athar,
agus ní ghlacann sibh mé;
má thagann duine eile ina ainm féin,
glacfaidh sibh eisean.
44Conas a b'fhéidir daoibh creidiúint,
agus glóir á glacadh agaibh óna chéile
gan aon lorg agaibh ar an nglóir a thagann ó Dhia amháin.
45Ná measaigí go bhfuilim
chun sibh a chúisiú
i láthair an Athar;
tá duine do bhur gcuisiú -
Maois, an té a bhfuil muinín agaibh as.
46Dá gcreidfeadh sibh Maois,
chreidfeadh sibh mise,
óir is i mo thaobhsa a scríobh seisean.
47Mura gcreideann sibh a scríbhinní-sean,
conas a chreidfidh sibh mo bhriathar-sa?

Currently Selected:

Eoin 5: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy