YouVersion Logo
Search Icon

Eoin 20

20
An Tuama Folamh
1Agus an chéad lá den tseachtain tháinig Máire Mhaigdiléana go moch, agus an dorchadas fós ann, chun an tuama agus chonaic sí an líog aistrithe ón tuama. 2Rith sí ansin agus tháinig sí go dtí Síomón Peadar agus go dtí an deisceabal úd eile ab ionúin le Íosa. “Thog siad an Tiarna as an tuama,” ar sí leo, “agus níl a fhios againn cár chuir siad é.” 3Amach le Peadar agus leis an deisceabal eile ansin agus chuaigh siad chun an tuama. 4Chrom siad a mbeirt ar rith in éineacht agus rith an deisceabal eile níos luaithe ná Peadar agus is é is túisce a tháinig go dtí an tuama. 5Nuair a chrom sé síos chonaic sé na línéadaí ina luí ansiúd, ach ní dheachaigh sé isteach. 6Ansin tháinig Síomón Peadar ina dhiaidh agus chuaigh sé isteach sa tuama, agus chonaic sé na línéadaí 7agus an brat a bhí ar a cheann - ní i dteannta na línéadaí a bhí sé, ach fillte in aon áit amháin leis féin. 8Ansin an deisceabal eile, a tháinig ar dtús chun an tuama, chuaigh sé isteach agus chonaic agus chreid sé. 9Óir níor thuig siad go fóill an scrioptúr nárbh fholáir é a aiséirí ó mhairbh. 10Ansin d'imigh na deisceabail abhaile arís.
Íosa á Thaispeáint Féin
11Agus bhí Máire ina seasamh lasmuigh in aice an tuama agus í ag gol. Sa ghol di chrom sí síos agus d'fhéach isteach sa tuama, 12agus chonaic an dá aingeal in éidí geala ina suí mar ar luigh corp Íosa, aingeal acu ag an gceann agus an t‑aingeal eile ag na cosa. 13“Cén fáth a bhfuil tú ag gol, a bhean,” ar siad léi. “Mar gur thóg siad mo Thiarna,” ar sí leo, “agus nach eol dom cár chuir siad é.” 14Arna rá sin di, d'iompaigh sí thart agus chonaic sí Íosa ina sheasamh ansiúd ach nár aithin sí gurbh é Íosa é. 15Dúirt Íosa léi: “A bhean, cén fáth a bhfuil tú ag gol? Cé atá uait?” Mheas sí gurbh é an garraíodóir é agus dúirt leis: “A dhuine uasail, más tusa a thóg é, inis dom cár chuir tú é agus tabharfaidh mé liom é.” 16“A Mháire,” arsa Íosa léi. D'iompaigh sise agus dúirt as Eabhrais: “Rabúnaí,” is é sin le rá: “A Mháistir!” 17“Scaoil liom!” arsa Íosa léi, “óir ní dheachaigh mé suas chun an Athar fós; ach imigh chun mo bhráithre agus abair leo: ‘Táim ag dul suas chun m'Atharsa agus chun bhur nAtharsa, chun mo Dhé-se agus chun bhur nDé-se.’ ” 18Tháinig Máire Mhaigdiléana leis an scéala do na deisceabail: “Chonaic mé an Tiarna,” agus go ndúirt sé na nithe sin léi.
19Tráthnóna an lae chéanna, an chéad lá den tseachtain, agus na doirse faoi ghlas le heagla na nGiúdach, san áit ina raibh na deisceabail, tháinig Íosa agus sheas ina measc agus dúirt leo: “Síocháin daoibh!” 20Á rá sin dó, thaispeáin sé dóibh a lámha agus a chliathán. Bhí áthas ar na deisceabail nuair a chonaic siad an Tiarna. 21Dúirt Íosa leo ansin arís:
“Síocháin daoibh!
Amhail mar a chuir an tAthair uaidh mise,
táimse do bhur gcursa uaim freisin.”
22Arna rá sin dó, d'análaigh sé orthu agus dúirt leo:
“Glacaigí an Spiorad Naomh.
23Na daoine a maithfidh sibh a bpeacaí dóibh,
beidh siad maite dóibh;
na daoine a gcoinneoidh sibh a bpeacaí,
beidh a bpeacaí coinnithe.”
24Tomás, duine den dáréag ar a dtugtaí an Leathchúpla, ní raibh sé leo nuair a tháinig Íosa. 25Dúirt na deisceabail eile leis: “Chonaiceamar an Tiarna.” Ach dúirt seisean leo: “Mura bhfeicfidh mé rian na dtairní ar a dhearnana, agus mo mhéar a chur i bpoll na dtairní, agus mo lámh ina chliathán, ní chreidfidh mé.” 26Ocht lá ina dhiaidh sin, bhí a dheisceabail istigh arís, agus Tomás in éineacht leo. Tháinig Íosa agus na doirse faoi ghlas, sheas sé ina measc agus dúirt: “Síocháin daoibh!” 27Ansin dúirt sé le Tomás: “Tabhair i leith do mhéar agus féach mo dhearnana, sín amach do lámh agus cuir i mo chliathán í, agus ná bí díchreidmheach ach creidmheach.” 28D'fhreagair Tomás: “Mo Thiarna agus mo Dhia!” 29Dúirt Íosa leis:
“De bhrí go bhfaca tú mé, a Thomáis, chreid tú.
Is méanar dóibh seo nach bhfaca agus a chreid.”
Dúnadh
30Bhí go leor fearta eile fós a rinne Íosa os comhair a dheisceabal, agus níl aon chur síos orthu sa leabhar seo. 31Ach cuireadh an méid sin i scríbhinn chun go gcreidfeadh sibh gurb é Íosa an Criost, Mac Dé, agus á chreidiúint go mbeadh an bheatha agaibh ina ainm.

Currently Selected:

Eoin 20: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy