1
An Brollach
1Bhí an Briathar ann i dtús báire
agus bhí an Briathar in éineacht le Dia,
agus ba Dhia an Briathar.
2Bhí sé ann i dtús baire in éineacht le Dia.
3Rinneadh an uile ní tríd
agus gan é ní dhearnadh aon ní dá ndearnadh.
4Is ann a bhí an bheatha
agus ba é solas na ndaoine an bheatha.
5Agus tá an solas ag taitneamh sa dorchadas,
ach níor ghabh an dorchadas é.
6Bhí fear a tháinig ina theachtaire ó Dhia,
agus Eoin a ba ainm dó.
7Tháinig sé ag déanamh fianaise
chun fianaise a thabhairt i dtaobh an tsolais
chun go gcreidfeadh cách tríd.
8Níorbh é féin an solas
ach tháinig ag tabhairt fianaise i dtaobh an tsolais.
9An solas fírinneach
a shoilsíonn gach aon duine,
bhí sé ag teacht ar an saol.
10Bhí sé ar an saol
agus is tríd a rinneadh an saol,
agus níor aithin an saol é.
11Chun a chuid féin a tháinig
agus níor ghlac a mhuintir é.
12Ach an uile dhuine a ghlac é,
thug sé de cheart dóibh
go ndéanfaí clann Dé díobh,
dóibh seo a chreideann ina ainm,
13an mhuintir nach as folanna a rugadh iad
ná as toil feola,
ná as toil fir ach ó Dhia.
14Agus rinneadh feoil den Bhriathar
agus chónaigh sé inár measc,
agus chonacamar-na a ghlóir,
a ghlóir mar Aonghin ón Athair,
lán de ghrásta agus d'fhírinne.
15Tagann Eoin ag tabhairt fianaise ina thaobh
agus glaonn in ard a ghutha:
“É seo an té a ndúirt mé faoi:
‘An té atá ag teacht í mo dhiaidh,
tá an tosach aige orm mar bhí sé ann romham.’ ”
16Óir ghlacamar uile as a lánmhaireacht,
sea, grásta ar ghrásta.
17Tugadh an dlí go deimhin trí Mhaois,
ach tháinig an grásta agus an fhírinne trí Íosa Críost.
18Ní fhaca aon duine riamh Dia.
An tAonghin atá i gcochall chroí Dé,
eisean a d'aithris.
Fianaise Eoin
19Is í seo an fhianaise a thug Eoin nuair a chuir na Giúdaigh sagairt agus Léivítigh ó Iarúsailéim chuige á fhiafraí de: 20“Cé hé thusa?” D'admhaigh sé agus níor shéan agus d'admhaigh sé: “Ní hé an Críost mé.” 21D'fhiafraigh siad de: “Cad eile, más ea? An tú Éilias?” “Ní mé,” ar seisean. “An tú an fáidh?” Agus d'fhreagair: “Ní mé.” 22Dúirt siad leis mar sin: “Cé hé thú? - chun go mbeadh freagra againn dóibh seo a chuir chugat sinn. Cad tá le rá agat mar gheall ort féin?” 23Dúirt sé: “Is glór duine mé ag éamh san fhásach: ‘Déanaigí díreach bóthar an Tiarna,’ mar a dúirt Íseáia fáidh.” 24Ó na Fairisínigh a ba ea na teachtairí, 25agus chuir siad ceist air: “Cén fáth a mbíonn tú ag baisteadh más ea,” ar siad, “mura thú an Críost, nó Éilias, nó an fáidh?” 26Thug Eoin freagra orthu: “Déanaim féin baisteadh le huisce,” ar seisean, “ach tá duine in bhur measc nach aithnid daoibh, 27an té atá ag teacht i mo dhiaidh, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh.” 28I mBeatáine, taobh thall den Iordáin, a tharla an méid sin mar a raibh Eoin ag déanamh baiste. 29Lá arna mhárach chonaic Eoin Íosa ag teacht chuige agus dúirt sé: “Seo é Uan Dé a thógann peaca an domhain. 30Eisean an té a ndúirt mé faoi: ‘Tá duine ag teacht i mo dhiaidh a bhfuil tosach aige orm, mar bhí sé ann romham.’ 31Níorbh aithnid dom féin é, ach is chun go nochtfaí d'Iosrael é a tháinig mé ag baisteadh le huisce.” 32Agus thug Eoin fianaise: “Chonaic mé,” ar sé, “an Spiorad, mar cholm, ag tuirlingt air ó na flaithis agus ag fanacht air. 33Níorbh aithnid dom féin é, ach an té a sheol mé ag baisteadh le huisce, dúirt seisean liom: ‘An té ar a bhfeicfidh tú an Spiorad ag tuirlingt agus ag fanacht air, eisean an té a bhaisteann leis an Spiorad Naomh.’ 34Chonaic mé agus is finné mé gurb é seo Mac Dé.”
Deisceabail á nGlaoch
35Lá arna mhárach arís bhí Eoin ina sheasamh ansiúd agus beirt dá dheisceabail. 36Agus ag stánadh dó ar Íosa ag gabháil thart dúirt sé: “Seo é Uan Dé.” 37Chuala an bheirt deisceabal é ag rá na cainte agus lean siad Íosa. 38D'iompaigh Íosa, chonaic iad á leanúint agus dúirt sé leo: “Cad tá uaibh?” D'fhreagair siad é: “A raibí” - is é sin le rá “a mháistir” - “Cá bhfuil cónaí ort?” 39“Tagaigí agus feicigí,” ar sé leo. Tháinig siad dá bhrí sin agus chonaic siad cá raibh cónaí air, agus d'fhan siad fairis an lá sin. Bhí sé timpeall an deichiú huair.
40Duine den bheirt a chuala Eoin agus a lean Íosa a ba ea Aindrias, deartháir Shíomóin Peadar. 41Fuair seisean ar dtús a dheartháir féin Síomón agus dúirt sé leis: “Fuaireamar an Meisias” - is é sín le rá an tUngthach. 42Thug sé leis é chun Íosa. D'fhéach Íosa go grinn air agus dúirt: “Is tú Síomón mac Eoin. Tabharfar ort Céafas” - focal a chiallaíonn Carraig. 43Lá arna mhárach bheartaigh sé dul don Ghailíl agus fuair sé Pilib. Dúirt Íosa leis: “Lean mise.” 44Ó Bhéatsáide, ó chathair Aindriais agus Pheadair, a ba ea Pilib. 45Fuair Pilib Natanael agus dúirt sé leis: “An té úd ar ar scríobh Maois sa dlí agus ar ar scríobh na fáithe, fuaireamar é, Íosa mac Iósaef ó Nazarat.” 46Dúirt Natanael: “As Nazarat? An féidir aon ní fónta a theacht as sin?” “Tar agus feic,” a dúirt Pilib leis. 47Chonaic Íosa Natanael ag teacht chuige agus dúirt ina thaobh: “Sin Iosraelach dáiríre nach bhfuil aon fheall ann.” 48“Cén chaoi a n‑aithníonn tú mé?” arsa Natanael leis. D'fhreagair Íosa: “Sular ghlaoigh Pilib ort,” ar sé leis, “agus tú faoin gcrann fígí, chonaic mé thú.” 49D'fhreagair Natanael é: “A raibí, is tú mac Dé, is tú rí Iosrael.” 50D'fhreagair Íosa: “De bhrí go ndúirt mé leat,” ar sé leis, “go bhfaca mé thú faoin gcrann fígí creideann tú. Feicfidh tú nithe is mó ná iad seo. 51Go deimhin féin, a deirim libh,” ar sé leis, “go bhfeicfidh sibh na flaithis ar oscailt agus aingil Dé ag dul suas agus ag teacht anuas ar Mhac an Duine.”
Loading reference in secondary version...