YouVersion Logo
Search Icon

Hag 1

1
Atógáil an Teampaill
1Sa dara bliain de réimeas Dháire rí, ar an gcéad lá den séú mi, labhraíodh briathar an Tiarna trí bhíthin an fháidh Hagaí le Zarubáibil, mac Sheailtíéil, gobharnóir Iúdá agus leis an ardsagart Iósua, mac Iózádác, mar a leanas: 2Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Deir an pobal seo: Níor tháinig an t‑am fós chun Teampall an Tiarna a tógáil.” 3Ansin labhraíodh briathar an Tiarna trí bhíthin an fháidh Hagaí mar a leanas: 4“An mithid daoibhse mar sin cónaí in bhur dtithe painéalta agus an teach seo ina fhothrach?” 5Dá bhrí sin labhraíonn Tiarna na Slua mar a leanas: “Déanaigí machnamh ar conas mar a d'éirigh libh. 6Chuir sibh mórán ach níor bhain sibh ach an beagán; itheann sibh ach ní bhfaigheann aon duine agaibh a sháith; ólann sibh ach ní mhúchtar bhur dtart; cuireann sibh éadach oraibh féin ach ní bhíonn aon duine agaibh te teolaí; an té a thuilleann tuarastal is lena a chur i sparán pollta a thuilleann sé é.” 7Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Déanaigí machnamh ar conas mar a d'éirigh libh. 8In airde libh ar na cnoic! Beirigí adhmad libh ar ais! Atógaigí an Teampall! Bainfidh mé taitneamh as ansin agus taispeánfaidh mé mo ghlóir ann, a deir an Tiarna. 9Bhí sibh ag súil le mórán, ach is amhlaidh nach bhfuair sibh ach an beagán; nuair a thug sibh an fómhar isteach shéid mise air. Cén fáth sin, a deir Tiarna na Slua? De bhrí go bhfuil mo theachsa ina fhothrach fad a bhíonn gach uile dhuine agaibhse ag déanamh cúraim dá theach féin. 10Sin é an fáth a gcoinníonn na spéartha thuas an drúcht uaibh agus a gceileann an talamh a chuid torthaí oraibh. 11Táim tar éis triomach a ghlaoch anuas ar an talamh, ar na cnoic, ar an arbhar, ar an úrfhíon, ar an ola, ar thorthaí uile na talún, ar na daoine agus ar na beithígh agus ar a saothar go léir!”
12Ansin d'éist Zarubáibil, mac Sheailtíéil, agus an t‑ardsagart Iósua, mac Iózádác, agus fuílleach uile an phobail le hachainí an Tiarna, a nDia, agus le briathra an fháidh Hagaí de bhrí gur chuir an Tiarna chucu é agus go raibh eagla ar an bpobal roimh an Tiarna. 13Ansin labhair Hagaí, teachtaire an Tiarna, leis an bpobal de réir ordú an Tiarna, á rá: “Táimse in bhur dteannta, a deir an Tiarna.” 14Agus mhúscail an Tiarna misneach Zarubáibil mhic Sheailtíéil, gobharnóir Iúdá, agus misneach an ardsagairt Iósua, mhic Iózádác, agus misneach fhuílleach an phobail sa chaoi gur tháinig siad agus gur chuir siad chun oibre i dteach Thiarna na Slua, a nDia, 15ar an gceathrú lá is fiche den séú mí.
Glóir an Teampaill Nua
Sa dara bliain de réimeas Dháire rí,

Currently Selected:

Hag 1: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy