YouVersion Logo
Search Icon

Eazrá 1

1
Na Deoraithe ag Filleadh
1Sa chéad bhliain de réimeas Chíorais rí na Peirse, i dtreo go gcomhlíonfaí briathar an Tiarna ó bhéal Irimia, mhúscail an Tiarna spiorad Chíorais rí na Peirse le forógra a thabhairt agus é a fhoilsiú ar fud a ríochta go léir: 2“Mar seo a deir Cíoras rí na Peirse: ‘Thug an Tiarna, Dia neimhe, ríochtaí uile na cruinne dom, agus chuir sé de dhualgas orm Teampall a thógáil dó in Iarúsailéim, in Iúdá. 3Cibé dá mhuintir go léir atá in bhur measc, go raibh a nDia leo! Téidís suas go Iarúsailéim in Iúdá le Teampall an Tiarna, Dia Iosrael, a thógáil; eisean an Dia atá in Iarúsailéim. 4Gach duine d'iarmhar a phobail, cibé áit ina bhfuil sé ag cur faoi, tagadh muintir a dhúiche i gcabhair air le hairgead, agus le hór, le maoin agus le heallach, agus le tabhartais dheonacha do Theampall Dé atá in Iarúsailéim.’ ”
5Ansin cinn fine Iúdá agus Bhiniáimin, na sagairt agus na Léivítigh, agus go deimhin gach aon duine dár spreag Dia an spiorad iontu, chuireadar chun imeachta chun Teampall an Tiarna a atógáil in Iarúsailéim. 6Chabhraigh a gcomharsana leo ar gach bealach le hairgead, le hór, le maoin, le heallach agus le tabhartais luachmhara, agus le hofrálacha deonacha de gach sórt.
7Thóg Cíoras rí amach soithí Theampall an Tiarna a thug Nabúcadnazar leis ó Iarúsailéim agus a thíolaic sé do theampall a dhé. 8Chuir Cíoras rí na Peirse iad i lámha Mhitreadát an cisteoir, agus chomhair seisean amach do Shéisbeazar flaith Iúdá iad. 9Seo é a líon: míle mias óir, míle mias airgid, naoi dtúisteán fichead, 10deich mbáisín fichead óir, ceithre chéad agus a deich mbabhla airgid agus míle soitheach eile. 11Ba é líon na soithí go léir d'ór agus d'airgead ná cúig mhíle ceithre chéad [seasca a naoi]. Thug Séisbeazar an t‑iomlán sin ar fad leis nuair a d'fhill na deoraithe ar ais ón mBablóin go Iarúsailéim.

Currently Selected:

Eazrá 1: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy