YouVersion Logo
Search Icon

Eistir (Gr) 1

1
1a Sa dara bliain de réimeas Aisiuéaróis Mhóir, ar an gcéad lá de Níosán, rinneadh taibhreamh do Mhordacaí mac Iáír, mac Shímeí, mac Chís, de threibh Bhiniáimin. 1b Giúdach ab ea eisean, agus bhí cónaí air i gcathair Shúsa; fear tábhachtach ab ea é agus bhí ardghradam aige i gcúirt an rí. 1c Duine ab ea é de na cimí a thug Nabúcadnazar rí na Bablóine leis ó Iarúsailéim mar aon le Iachóiniá rí Iúdáia. 1d Seo é a thaibhreamh:
Féach! Bhí glórtha agus clampar, toirneach agus creathanna talún agus callóid ar fud na cruinne. 1e Agus féach! Tháinig dhá dhragún mhóra amach agus iad réidh chun catha a chur ar a chéile agus ba mhór í a mbúir. 1f Nuair a chualathas a nglór réitigh gach cine iad féin chun cogadh agus cath a chur ar chine na bhfíréan. 1g Agus b'shin é lá an dorchadais agus an dainséir, lá na hanacra agus na hanbhainne, nuair a bhí eagla agus suaitheadh ina luí ar an talamh. 1h Tháinig buaireamh mór ar chine na bhfíréan go léir, le heagla roimh na hoilc a bhí ag bagairt orthu, agus bhí coinne acu leis an mbás; ansin ghlaoigh siad chun Dé. 1i Agus as a nglao rinneadh mar a bheadh abhainn mhór, tulca uisce, as tobar beag.
1j D'éirigh an ghrian gona lánsoilse, agus ardaíodh lucht na huirísle agus shlog siad lucht na caithréime. 1k Ar fheiceáil an taibhrimh sin do Mhordacaí, d'éirigh sé agus rinne a mhachnamh ar an scéal agus bhí sé ar a dhícheall ar feadh an lae go hoíche ag iarraidh a fháil amach cad ba chiall leis.
1l Bhí cónaí ar Mhordacaí sa chúirt in éineacht le Bigteán agus Teiris beirt de choillteáin an rí a bhí ag faire na cúirte. 1m Chuala sé ag caint iad, agus rinne sé fiosrú ar a bpleananna agus fuair amach go raibh sé á bheartú acu lámh dhearg a imirt ar an rí Aisiuéaróis; d'inis sé don rí fúthu. 1n Rinne an rí an bheirt choillteán a cheistiú go géar; d'admhaíodar a gcion agus cuireadh chun báis iad. 1o Bhreac an rí féin tuairisc ar na nithe sin ar phár ina annála agus scríobh Mordacaí síos a chuimhne ina dtaobh chomh maith. 1p Ansin cheap an rí Mordacaí in ardghradam sa chúirt agus bhronn tíolacthaí air de bharr a ndearna sé. 1q Ach Hámán mac Hamadátá an Búgaech, bhí meas mór ag an rí air agus bhí sé ar a dhícheall ag iarraidh díobháil a dhéanamh do Mhordacaí de bharr beirt choillteán an rí.

Currently Selected:

Eistir (Gr) 1: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy