YouVersion Logo
Search Icon

Cóheilit 1

1
Teideal agus Bunábhar
1Briathra Chóheilit, mac Dháiví atá ina rí in Iarúsailéim.
2Buaic na baoise a deir Cóheilit, buaic na baoise! Níl in aon ní ach baois! 3Cén tairbhe do dhuine an saothar uile a dhéanann sé faoi luí na gréine?
Ciorcal Do-Athraithe an Nádúir
4Imíonn glúin amháin as agus tagann ceann eile ina háit ach fanann an domhan ann go deo. 5Éiríonn an ghrian ach téann sí faoi arís agus brostaíonn sí léi chun na háite ar éirigh sí as. 6Séideann an ghaoth ó dheas agus casann sí ó thuaidh ansin; siúd léi timpeall arís agus arís eile agus leanann sí dá timchuairt gan stad. 7Ritheann na haibhneacha go léir isteach san fharraige ach ní líontar í choíche; mar sin féin coinníonn na haibhneacha orthu ag déanamh ar a gceann cúrsa go brách. 8Tá gach uile ní lán leimhe agus ní féidir leis an duine trácht a dhéanamh orthu; ní bhíonn an tsúil sásta lena bhfeiceann sí ná an chluas sásta lena gcloiseann sí. 9An ní a bhí ann tráth, is é a bheidh ann go brách; an ní a rinneadh cheana, is é a dhéanfar arís; mar níl aon ní nua ann faoi luí na gréine. 10Fiú amháin an ní a ndeirtear faoi: “Féach, is rud nua é seo,” bhí sé ann romhainn anallód. 11Ní chuimhnítear anois ar na glúine a bhí ann fadó; ná ní bheidh cuimhne ar na glúine atá le teacht ag na glúine a thiocfaidh ina ndiaidh.
Éadairbhe na hEagna Féin
12Bhí mise, Cóheilit, i mo rí ar Iosrael in Iarúsailéim 13agus le barr eagna chuir mé m'intinn ag obair chun cuardach agus taighde a dhéanamh i dtaobh an uile ní a dhéantar faoi na spéartha - diansaothar dólásach é seo a leag Dia ar dhaoine chun iad a chrá. 14Agus chonaic mé na gníomhartha uile a dhéantar abhus faoi luí na gréine; agus féach, níl iontu go léir ach baois agus tóraíocht gaoithe. 15Óir, ní féidir an cam a dhíriú ná an ní nach bhfuil ann a chomhaireamh. 16Arsa mise liom féin ansin: “Féach, táimse tar éis níos mó den eagna a chnuasach ná duine ar bith díobh siúd a bhí ina rialtóirí ar Iarúsailéim romham agus is mór ar fad an taithí atá faighte agam ar an eagna agus ar an eolas.” 17Mar sin féin, nuair a chuir mé m'intinn ag obair chun an eagna agus an t‑eolas, an díth céille agus an amaidí, a thuiscint, d'aithin mé nach raibh anseo chomh maith ach tóraíocht gaoithe. 18Óir, dá mhéad í ár n‑eagna is ea is mó ár gcrá agus dá leithne é ár n‑eolas is ea is géire ár bpianpháis.

Currently Selected:

Cóheilit 1: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy