YouVersion Logo
Search Icon

2 Macabaech 1

1
Litreacha chuig na Giúdaigh san Éigipt
An Chéad Litir
1Beatha agus síocháin shona ó na bráithre, na Giúdaigh in Iarúsailéim agus i dtír Iúdá dá mbráithre, na Giúdaigh san Éigipt. 2Go gcuire Dia ar bhur leas sibh, agus go gcuimhní sé ar a chonradh le hAbrahám, le hÍosác agus le Iacób, a shearbhóntaí dílse. 3Go dtuga sé daoibh go léir croí lena adhradh, agus lena thoil a dhéanamh le barr croí mhóir, le fonn agus le misneach. 4Go ndéana sé bhur gcroí a oscailt dá dhlí agus dá aitheanta agus go dtuga sé daoibh síocháin. 5Go dtuga sé cluas do bhur n‑achainíocha agus go ndéana sé cairdeas libh, agus ná déanadh sé sibh a thréigean in uain na hurchóide. 6Táimidne ag guí ar bhur son anseo anois.
7I réimeas Dhéimitrias, sa bhliain céad agus a seasca naoi, scríobharmarna, na Giúdaigh, chugaibh sa ghéarchéim agus sa chúngracht a rug orainn tar éis do Iásón agus dá bhuíon an tír bheannaithe agus an ríocht a thréigean, 8agus an geata a dhó agus fuil neamhchiontach a dhoirteadh. Ghuíomar an Tiarna agus éisteadh linn, agus d'ofrálamar íobairt agus abhlann, agus lasamar na lóchrainn, agus leagamar amach na builíní. 9Anois, más ea, féachaigí chuige go gcoimeádfaidh sibh féile na dTaibearnacal i mí Chisléu, sa bhliain céad ochtó a hocht.
An Dara Litir
10Beatha agus sláinte ó mhuintir Iarúsailéim agus Iúdáia, ón seanad agus ó Iúdás go hAiristeabúlas, oide Ptoilimí rí, fear de shliocht na sagart ungtha, agus do na Giúdaigh san Éigipt. 11De bhrí gur shaor Dia sinn ó dhainséir mhóra, is mór é ár mbuíochas dó ar son ár bpáirt a ghlacadh in aghaidh an rí, 12óir eisean a dhíbir iad siúd a chuir cath ar an gcathair bheannaithe. 13Óir nuair a shroich a gceannaire an Pheirs le harm a dhealraigh a bheith dochloíte, gearradh óna chéile iad i dteampall Nanaeá trí ghliceas a d'imir na sagairt a bhí ag freastal ar Nanaeá. 14Lig Aintíochas air go raibh sé ag déanamh cleamhnais léi agus tháinig sé ansiúd lena chairde d'fhonn formhór na seod a bhreith leis mar spré. 15Leag sagairt Nanaeá na seoda amach ar taispeáint agus chuaigh seisean isteach laistigh de bhalla an tearmainn naofa. A luaithe a tháinig Aintíochas isteach ar bheagán slua, dhún siad an teampall, 16d'oscail an doras folaigh sa tsíleáil, agus chaith anuas clocha ina mbarthanach agus threascair an ceannaire agus a chuid fear, ghearr ina spólaí iad, bhain na cinn díobh, agus chaith amach go dtí an mhuintir amuigh iad. 17Gura beannaithe i ngach slí ár nDia a thug breith ar lucht na haindiagachta.
Míorúilt na Tine
18Táimid ar tí íonghlanadh an Teampaill a chomóradh ar an gcúigiú lá fichead de Chisléu agus shíleamar nár mhór sin a chur in iúl daoibhse i dtreo go ndéanfadh sibhse freisin féile na dTaibearnacal a cheiliúradh, agus féile na Tine a deonaíodh nuair a bhí an Teampall tógtha ag Nihimiá agus gur ofráil sé íobairtí. 19Óir nuair a bhí ár sinsir á seoladh ina mbránna chun na Peirse, thóg sagairt dhiagaithe na linne cuid de thine na haltóra, agus chuir i bhfolach í i gcuasán umair thirim, agus cheil siad í chomh cairéiseach sin nárbh eol an áit d'aon duine. 20Tar éis roinnt mhaith blianta, nuair ba thoil le Dia é, chuir Nihimiá, le húdarás rí na Peirse, sliocht na sagart a cheil í ar a lorg. Nuair a thug siadsan scéala chugainn nach tine a fuair siad ach lacht ramhar, d'ordaigh [Nihimiá] dóibh cuid den lacht a shúrac amach agus a bhreith leo. 21Nuair a bhí ábhar na n‑íobairtí curtha amach, d'ordaigh Nihimiá do na sagairt an lacht a chroitheadh ar an adhmad a bhí leagtha air. 22Rinneadh amhlaidh agus ansin tar éis tamaill dhealraigh an ghrian cé go raibh sí faoi scamall roimhe sin, agus bhladhm lasair mhór, rud a chuir ardionadh ar chách. 23Fad a bhí an íobairt á dó, bhí na sagairt agus an mhuintir go léir a bhí i dteannta na sagart ag guí, Iónátán ag cur ceann ar an urnaí agus an chuid eile ag freagairt mar aon le Nihimiá. 24Mar seo a ghabh an urnaí: “A Thiarna, a Thiarna Dia, a chruthaitheoir an uile ní; is uaimhneach agus is tréan, is cóir agus is trócaireach thú; is tú amháin is rí, agus is cúntóir; 25is tú amháin is fial, is tú amháin is cóir agus is uilechumhachtach síoraí; is tú a fhuasclaíonn Iosrael ó gach olc; is tú a thogh na sinsir agus a choisric iad. 26Glac leis an íobairt seo thar ceann do phobail Iosrael go léir; cumhdaigh d'oidhreacht agus naomhaigh í. 27Bailigh le chéile ár bpobal scaipthe; fuascail a bhfuil i ndaoirse i measc na ngintlithe; dearc le fabhar ar a bhfuil faoi aithis agus faoi dhímheas; bíodh a fhios ag na gintlithe gur tú is Dia againn. 28Smachtaigh lucht an leatroim agus lucht an éirí in airde agus an uabhair. 29Préamhaigh do phobal go daingean i d'áit naofa mar a gheall Maois.”
30Ansin chan na sagairt na hiomainn. 31Nuair a bhí ábhar na n‑íobairtí go léir ídithe, d'ordaigh Nihimiá an lacht a bhí fágtha a dhoirteadh ar chlocha móra. 32Nuair a rinneadh amhlaidh, las bladhm thine, agus slogadh í sa lasair ón altóir ag taitneamh os a comhair. 33Nuair a leath an scéal, agus gur insíodh do rí na bPeirseach gur thaibhsigh an lacht, lenar loisc Nihimiá agus a lucht leanúna ábhar na híobartha, sa bhall inar chuir na sagairt a díbríodh an tine i bhfolach, 34rinne an rí an scéal a fhiosrú agus chuir fál timpeall ar an áit agus d'fhógair naofa é. 35An mhuintir ar a raibh a ghnaoi, rinne an rí bronntanais a mhalartú leo. 36Thug Nihimiá agus a mhuintir naftar, íonghlanadh ís é sin, air siúd, achneftai a thugann daoine air de ghnáth.

Currently Selected:

2 Macabaech 1: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy