YouVersion Logo
Search Icon

2 Croinicí 1

1
Eagna á Bronnadh ar Sholamh
1Dhaingnigh Solamh mac Dháiví é féin ar a ríchathaoir. Bhí an Tiarna a Dhia lena ais agus mhóraigh sé é go héachtach. 2Labhair Solamh ansin le hIosrael go léir, le ceannairí míle agus le ceannairí céad, leis na breithiúna, agus le flatha Iosrael agus le cinn na bhfiní. 3Ansin chuaigh Solamh, agus an comhthionól go léir in éineacht leis, go dtí an t‑ardionad i nGibeón, mar a raibh Both Theagmhála Dé a rinne Maois, giolla Dé, san fhásach. 4Ach bhí áirc Dé tugtha ag Dáiví ó Chiriat Iáraím go dtí an áit a bhí ullamh aige di, mar bhí both curtha suas aige di in Iarúsailéim. 5An altóir chré-umha a rinne Bazalael mac Úirí mac Húr, bhí sí ansiúd os comhair thaibearnacal an Tiarna. Chuaigh Solamh agus a chomhthionól ansiúd. 6Ghabh Solamh suas ansiúd ar an altóir chré-umha, a bhí taobh le Both na Teagmhála, i bhfianaise an Tiarna, agus d'ofráil míle ofráil uileloiscthe uirthi.
7Thaispeáin an Tiarna é féin do Sholamh an oíche sin agus dúirt: “Cibe rud is main leat a fháil uaim iarr orm é.” 8D'fhreagair Solamh Dia: “Thaispeáin tú barr cineáltais go buan do Dháiví, m'athair; agus rinne tú rí díomsa i gcomharbacht air. 9A Thiarna, a Dhia, tá an gealltanas a thug tú do Dháiví m'athair comhlíonta anois mar rinne tú rí díom ar phobal atá chomh líonmhar le deannach na talún. 10Tabhair dom anois eagna agus tuiscint le mo phobal a threorú óir cé a d'fhéadfadh pobal chomh mór leis seo a rialú?” 11Dúirt Dia le Solamh: “De bhrí gurb é seo a bhí i do chroí agus a d'iarr tú, agus nach saibhreas, ná stór, ná onóir, ná bás do naimhde, ná fiú fad saoil, ach eagna agus tuiscint duit féin, le mo phobal ar ar chuir mé thú mar rí a rialú, 12uime sin tá eagna agus tuiscint á mbronnadh ort. Tabharfaidh mé duit chomh maith, saibhreas agus maoin agus onóir, nach raibh a leithéid ag aon duine de na ríthe a bhí ann romhat agus nach mbeidh ag aon duine i do dhiaidh.”
13D'imigh Solamh leis ón ardionad i nGibeón, ó Bhoth na Teagmhála, agus tháinig go Iarúsailéim. Bhí sé ina rí ar Iosrael. 14Bhailigh sé fórsa carbad agus capall. Bhí ceithre chéad déag carbad aige agus dhá mhíle déag capall, agus bhuanaigh sé iad sna cathracha carbad agus leis an rí in Iarúsailéim. 15D'fhág an rí go raibh airgead chomh coiteann céanna le clocha in Iarúsailéim, agus céadair chomh flúirseach le seiceamair na nÍsleán. 16Dhéantaí capaill Sholaimh a allmhairiú ó Chilicia agus ghlacadh gníomhairí an rí leo ó Chicilia ar phraghas cinnte. 17Dhéantaí carbad a allmhairiú ón Éigipt ar sé chéad seicil, agus capall ar chéad go leith. Dhéantaí iadsan a onnmhairiú go dtí ríthe na Hiteach agus ríthe Arám ar an tslí chéanna trí ghníomhairí an rí.
18Bheartaigh Solamh ar theach a thógáil d'ainm an Tiarna agus ceann eile dó féin agus dá chúirt.

Currently Selected:

2 Croinicí 1: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy