Laoi na Laoithe 6

6
Mná Iarúsailéim
1Cá ndeachaigh do ghrá uait,
a phlúr na mban,
cén treo a d'iompaigh do ghrá,
agus lorgfaimid leat é?
Ise
2Síos ina ghort a chuaigh mo ghrá,
go ceapacha na spíosraí,
lena thréad a chur ar féarach
agus blátha a chruinniú.
3Le mo ghrása mise,
agus liomsa mo ghrá;
i measc na mbláthanna
chuir sé a thréad.
Eisean
4Álainn tú, a rún, mar Thirzeá,
breá mar Iarúsailéim,
chomh huafar le cathshlua.
5Iompaigh uaim do shúile,
nó sáróidh tú mé leo.
Folt mar thréad gabhar
anuas Cnoc Ghileád.
6D'fhiacla mar thréad caorach
aníos as an loch nite,
cúpla uan ag gach caora,
gan caora díobh seasc.
7Leathbhro ghránúill do ghrua
laistiar de do chaille.
8Trí fichid banríon,
ceithre fichid leannán,
cailíní gan áireamh -
9Ach is túisce liomsa ise,
mo cholm gan cháim;
is í is túisce lena máthair,
is í rogha a buime í.
Ní fhaca cailín í nár thug an chraobh di,
banríon nó leannán nár mhol í:
10“Cé hí seo chugainn mar fháinne an lae,
gealach ar áille,
grian ar loinnir,
chomh huafar le cathshlua?”
11Chuas síos i ngort na gcnónna,
go bhfeicfinn fás an ghleanna
go bhfeicfinn an raibh an fhíniúin ag eascairt,
nó an gránúll ag borradh.
12Sular thuig mé seo mé, de mhian mo chroí,
[i gcarbad le taobh] mo phrionsa.

Zur Zeit ausgewählt:

Laoi na Laoithe 6: ABN

Markierung

Teilen

Kopieren

None

Möchtest du deine gespeicherten Markierungen auf allen deinen Geräten sehen? Erstelle ein kostenloses Konto oder melde dich an.

YouVersion verwendet Cookies, um deine Erfahrung zu personalisieren. Durch die Nutzung unserer Webseite akzeptierst du unsere Verwendung von Cookies, wie in unserer Datenschutzrichtlinie beschrieben