Na Sailm 94

94
Salm 94.
Deus ultionum.
1A Ṫiarna Dia, ós fút a ḟágtar an díoltas: a Ḋia, a ḃfágtar an díoltas fút, bí do do ṫaispeáint féin dúinn.
2Éiriġ, a ḃreiṫiṁ an doṁain: agus taḃair a ḋíol cúitiṫe do ḋrong an díomais.
3A Ṫiarna, ca ḟad a ḃeiḋ luċt an droċ‑ċroí: ca ḟad a ḃeiḋ luċt an droċ‑ċroí ag maíoṁ a mbua;
4Ca ḟad a ḃeiḋ an ċaint ḋíṁeasúil seo ag luċt uile na míġníoṁarṫa: agus a ḋéanfaiḋ siad mórtas uaiḃreaċ?
5Tugann siad do ṗobal anuas, a Ṫiarna: agus buaireann siad dʼoiḋreaċt.
6Dúnṁaraíonn siad an ḃaintreaċ agus an coiṁṫíoċ: agus cuireann siad an dílleaċta ċun báis.
7Agus ina ḋiaiḋ sin deir siad, Seo, seo, ní ḟeicfiḋ an Tiarna é: ná ní ṫaḃarfaiḋ Dia Iácóib é dá aire.
8Tugaigí aire, a ḃfuil gann i gciall i measc na ndaoine: a amadáin, ca huair a dtuigfiḋ siḃ?
9An té a ċuir cluasa ort, naċ gcluinfiḋ sé: nó an té a ċum an tsúil, naċ ḃfeicfiḋ sé?
10Nó an té a smaċtaíos na págánaiġ: ós é a ṁúineas eolas don duine, naċ mbeiḋ sé ag aifirt?
11Is fiosaċ don Tiarna smaointe an duine: naċ mbíonn iontu aċ díoṁaointeas.
12Is aoiḃinn don duine a gcuireann tú smaċt air, a Ṫiarna: agus a ḟaiġeann teagasc uait i dtaoḃ do ḋlí;
13Go dtuga tú foiġne dó in am an ḃuarṫa: go dtí go dtoċailtear an poll le aġaiḋ an droċḋuine.
14Óir ní ċlisfiḋ an Tiarna ar a ṗobal: ná ní ṫréigfiḋ sé a oiḋreaċt féin.
15Óir ġeoḃaiḋ an ḟíréantaċt a ceart arís go fóill: agus beiḋ luċt uile an ċroí ḟír ar a luċt leanúna.
16Cé a éireos amaċ liom in aġaiḋ luċt an oilc: cé a ḃeas ar mo ṫaoḃ in éadan luċt na míġníoṁarṫa?
17Murab é gur ċuidiġ an Tiarna liom: níl aṁras ná go gcuirfí mʼanam ina ṫost.
18Aċ nuair a dúirt mé, Tá mo ċos ag imeaċt as fúm: ḃí do ṫrócaire, a Ṫiarna, ag cur taca liom.
19Dá ṁéid é an brón a ḃí ar mo ċroí: ḃí do ṡóláis ag neartú lem anam.
20An nglacfaiḋ tú páirt le caṫaoir na claonḃreiṫe: a mbíonn an urċóid á cumaḋ aige de réir an dlí?
21Bíonn siad ag slógaḋ in aġaiḋ anama anḟíréin: agus ag daoraḋ na fola neaṁċiontaí.
22Aċ is é an Tiarna mo ḋídean: is é mo Ḋia neart mo ḋóċais.
23Cúiteoiḋ sé a n‑urċóid leo, agus scriosfaiḋ sé lena n‑olc féin iad; is deiṁin go scriosfaiḋ ár dTiarna Dia iad.

S'ha seleccionat:

Na Sailm 94: OC1965G

Subratllat

Copia

Compara

Comparteix

None

Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió