Na Sailm 93

93
Salm 93.
Dominus regnavit.
1Is é an Tiarna is Rí, ċuir sé air éadaí na glóire: ċuir an Tiarna air a éadaí, agus ċrioslaiġ sé é féin le cuṁaċt.
2Ḋaingniġ sé suí na cruinne: go naċ féidir a corraí.
3Ó ṫús an doṁain tá do ċaṫaoir ullṁaiṫe: is ón síoraíoċt atá tú ann.
4Dʼéiriġ na tuilte, a Ṫiarna, dʼardaiġ na tuilte a nglór: ardaíonn na tuilte a dtonnta.
5Dá ṫréine iad tonnta na farraige, agus dá uafásaí a mire: is tréine ná iad an Tiarna, a ḃíos ina ċónaí in Airde.
6Níl ní is cinnte, a Ṫiarna, ná dʼḟianaisí: beiḋ an naofaċt go deo ag teaċt do do ṫeaċ.

S'ha seleccionat:

Na Sailm 93: OC1965G

Subratllat

Copia

Compara

Comparteix

None

Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió